‘Tabharfaidh na ‘culchies’ aire mhaith dár Stetsons agus muid ag súil le filleadh Gharth Brooks’

B’in an méid a bhí le rá ag Garth Brooks, agus é díreach i ndiaidh cúig cheolchoirm a dhéanamh i bPáirc an Chrócaigh le seachtain go leith anuas. D’fhreastail breis agus 400,000 duine ar na ceolchoirmeacha agus níorbh iontas ar bith é go bhfuil fonn ar Garth Brooks filleadh ar Éirinn. 

Tá sé ráite aige go mbeadh suim aige camchuairt a dhéanamh ar fud na tíre, seachas fanacht i mBaile Átha Cliath, mar a rinne sé lena chuairt is déanaí, agus rinne sé tagairt don rath a bhain Ed Sheeran amach lena chuid ceolchoirmeacha san ardchathair, i gCorcaigh, i nGaillimh agus i mBéal Feirste níos luaithe i mbliana. 

Bhí an clúdach sna meáin a rinneadh ar cheolchoirmeacha Garth Brooks, agus an méid a dúradh ar na meáin shóisialta, an-suimiúil ar fad. Léirigh sé go bhfuil dhá dhream ann: iad siúd atá go huile is go hiomlán gafa le Garth, agus iad siúd nach bhfuil meas ar bith acu ar a chuid ceoil. 

Maíodh go forleathan gur daoine tuaithe nó ‘culchies’ ar fad a d’fhreastail ar cheolchoirmeacha Garth Brooks. Bhí mé féin, mar Chonallach tuaithe, ag an gcéad ceolchoirm ar an 9 Meán Fómhair, agus caithfidh mé a admháil nach raibh canúint Bhaile Átha Cliath le cloisteáil oiread agus uair amháin sna scuainí fada ar mo bhealach isteach agus amach, nó i measc na ndaoine timpeall orm sa lucht féachana. Canúintí ó thuaisceart agus iarthar na tíre a bhí le cloisteáil den chuid is mó. 

Shíl mé go raibh seo fíorshuimiúil. Ceannaíodh breis agus 400,000 ticéad, ach díoladh fíorbheagán dóibh le muintir na mbailte móra. Is annamh a fheictear an nós seo le ceolchoirmeacha móra eile. 

Luíonn sé le réasún, nuair a smaoiníonn tú ar an gcultúr láidir ceol tíre nó ‘Country and Irish’ atá i dtuaisceart agus iarthar na tíre, agus i lár na tíre chomh maith. Ach cén fáth go bhfuil an oiread tóir ar cheol tíre sna ceantair sin?

Má théimid siar go dtí na seascaidí, d’fhág an imirce drochbhail ar Éirinn. Bhog na mílte as an tír seo go Sasana, Albain, Meiriceá agus tíortha eile, agus bhunaigh siad pobail láidre Ghaelacha sna cathracha inar shocraigh siad síos. Feicimid a lorg sin inniu, i gcathracha ar nós Ghlaschú Liverpool, Birmingham, London, Philadelphia, Boston, New York, Perth agus Sydney. 

Ba mhinic a bhí cumha ar Éireannaigh thar lear. Theastaigh rud éigin uathu le blaiseadh den bhaile a thabhairt dóibh agus deis a thabhairt dóibh a bhféiniúlacht féin a cheiliúradh. 

D’éirigh go hiontach le ceoltóirí agus buíonta ceoil ar nós Big Tom & the Mainliners, Philomena Begley, Larry Cunningham agus Margo le linn na tréimhse sin, agus iad ag déanamh ceolchoirmeacha rialta in áiteanna ar nós an Galtymore in London agus An tSeamróg in Birmingham. 

Bhíodh seiteanna lán d’amhráin faoi Éirinn á seinm ag na réaltaí móra seo, agus chabhraigh an ceol leis na hÉireannaigh mothú go raibh siad níos gaire don bhaile agus a bheith tírghrách. Bhí an ceol tíre seo difriúil ó cheol na seóbhannaí a bhí an-rathúil sa ré sin chomh maith, ós rud é gur scríobhadh go leor de na hamhráin sa cheol tíre faoi phobail agus ceantair ar leith in Éirinn. Tháinig go leor réaltaí eile chun cinn i rith na seachtóidí agus na hochtóidí, daoine ar nós Daniel O’Donnell, Susan McCann agus Foster & Allen. 

B’in an ceol tíre i mBéarla, ach cad faoin méid a taifeadadh i nGaeilge? Scríobhadh agus eisíodh an-chuid ceol tíre i nGaeilge chomh maith, agus níl aon duine chomh cáiliúil sa chineál seánra sin le John Beag Ó Flatharta. 

Chuaigh go leor de mhuintir Chonamara ar imirce, agus chualamar na scéalta sin in amhráin ar nós ‘Pócaí Folamh is Cloigeann Tinn’. Ba mhinic a bhí cuid saothar John Beag le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta, agus maireann an t-ardán don cheol tíre go fóill ar an stáisiún sin. 

Tugadh aitheantas don tábhacht a bhaineann le ceol tíre ag ceolchoirm ceiliúrtha Raidió na Gaeltachta i mbliana. Bhí na hamhránaithe aitheanta Beairtle Ó Domhnaill, Annamaria Nic Dhonncha agus Máirtín Beag Ó Gríofa i measc na réaltaí a rinne ceiliúradh ar chaoga bliain de RnaG. 

Tá cultúr láidir jiveála san iarthar, agus tá aitheantas iontach bainte amach ag grúpaí cosúil le Aerach lena gcuid ceoil i nGaeilge. Tá ardán teilifíse ag an gceol tíre ar TG4, ach go háirithe ar an tsraith Glór Tíre, a thugann deis d’amhránaithe i saol an cheoil tíre breis poiblíochta a fháil. Chuir an craoltóir raidió Jo Ní Chéide Viva Ceol Tíre i láthair ar TG4 le meascán álainn de cheol tíre na hÉireann agus ceol tíre idirnáisiúnta i mbliana chomh maith.  

D’fhill go leor imirceach ar Éirinn agus d’fhan an chuid eile acu thar lear. Bhí an ceol tíre an-tábhachtach i gcónaí do na pobail seo, agus dóibh siúd a tháinig abhaile, theastaigh uathu an ceol tíre a chloisteáil go rialta. Tháinig fás ar mhéid na stáisiún raidió áitiúil le linn na tréimhse seo, agus bhí an-éileamh ar cheol tíre ar na haerthonnta. Tugadh ardán d’amhráin ó cheol tíre na hÉireann, agus de réir a chéile, tugadh ardán do cheol tíre Mheiriceá chomh maith. Bhí Garth Brooks ag teacht i dtreise ag deireadh na n-ochtóidí agus tús na nóchaidí i Meiriceá, agus nuair a d’eisigh sé a chéad albam Eorpach ‘No Fences’ in 1990, thit Éire i ngrá leis. 

Tá Garth Brooks i ndiaidh filleadh ar thír atá báite sa cheol tíre, agus fuílleach réaltaí a dhéanann ceol sa stíl chéanna leis. Tá Nathan Carter, Mike Denver, Derek Ryan agus Clíona Hagan mar chuid den chéad ghlúin eile, agus slí bheatha maith á baint amach acu ag déanamh gigeanna os comhair sluaite móra dílse D’fhéadfá a rá go raibh tionchar ag Garth Brooks é féin orthu, agus tá earnáil an cheoil tíre níos láidre anois in Éirinn ná mar a bhí sé riamh. 

Dhíol Garth Brooks breis agus 157 milliún fadcheirnín i Meiriceá, ach seachas sin, bhí an leibhéal ratha a bhain sé amach in Éirinn níos airde ná i dtír ar bith eile. Bhí an-tóir ar a chuid albaim agus freastal nach bhfacthas riamh cheana ar a chuid ceolchoirmeacha in Éirinn: ocht n-oíche in Amharclann Iosta na Rinne san ardchathair i 1994, trí oíche i bPáirc an Chrócaigh sa bhliain 1997 agus cúig oíche i Halla an Rí i mBéal Feirste an bhliain dár gcionn. 

Tá gean ar leith ag muintir na hÉireann ar Garth Brooks. Tugadh maithiúnas do i ndiaidh na praisí a rinneadh de na ceolchoirmeacha a eagraíodh, agus a cuireadh ar ceal, ocht mbliana ó shin. Beidh na ‘culchies’ ar fad ag tabhairt aire dár gcuid hataí Stetson agus léinte seicir, chun go mbeimid réidh do Gharth ag teacht ar ais. Gach seans go mbeidh an mearbhall agus ionadh céanna ar lucht na mbailte móra nuair a bheidh buachaill bó Oklahoma i bPáirc an Chrócaigh arís.