Tá albam début an bhanna Picture This ina shuí ag #1 i gcairteacha albam na hÉireann an tseachtain seo agus an chuma air go mbeidh sé ansin go ceann tamaill.
Tá an bheirt as Baile Átha Í i gCill Dara tar éis dul i bhfeidhm ar lucht éisteachta na tíre i mbliana agus tá a dtionchar le mothú go mór i gConamara, áit ar thaifead buachaillí Choláiste Lurgan leagan Gaeilge dá n-amhrán buach ‘Take My Hand’.
‘Beir Greim ar mo Lámh’ an teideal atá tugtha ag Liam Óg, Macdara agus Losty ar a n-aistriúchán a bhfuil breis agus 20,000 radharc Youtube faighte aige cheana féin!
Agus ná déanaigí dearmad go ndearna Picture This féin leagan Gaeilge de chomh maith ní ba luaithe i mbliana.
Caithfidh muid a rá go síleann muidne in oifigí NÓS go bhfuil leaids Lurgan níos fearr!