Ní fhéadfadh an saol bheith níos fearr do Take That na laethanta seo: tá an t-albam nua The Circus ar an albam is mó díol in Éirinn agus sa Bhreatain i láthair na huaire agus tá a gcamchuairt nua cheana féin ar an gceann is tapa díolta i stair na Breataine.
Ná ceap go bhfuil siad ag tapú na deise chun brabús a dhéanamh bunaithe ar a sean-saothar mar tá níos mó cóipeanna de The Circus agus a réamhtheachta Beautiful World díolta ná aon cheann dá n-albaim sna 90í agus ní bhréagnaíonn an ceol na huimhreacha.
An rud is suntasaí an iarracht seo ná go bhfuil an ceol agus a liricí níos aibí ná mar a bhí sna 90í agus tá próifíl a lucht leanúna tar éis leathnú go mór.
Tá lámh ag gach duine den cheathrar i scríobh na n-amhrán agus tugtar deis do gach ball bheith ar an bpríomhamhránaí.
Tá sé an-éasca éisteacht le The Circus agus is beag amhrán air nach bhfuil taitneamhach.
Éist le Greatest Day, Hello, How Did It Come To This, Up All Night, Hold Up A Light nó Here agus beidh spionnadh ionat don chuid eile den lá.
Tá meascán maith d’amhráin tapa agus mhalla air áfach le cinntiú nach mbeidh a ngigeanna róchrua ar na sean-stócaigh seo!
Beidh an chamchuairt ar siúl i mí an Mheithimh agus mí Iúil agus seinnfidh siad gig i bPáirc an Chrócaigh ar 13 Meitheamh.
Faraor tá na ticéid don ghig sin díolta go hiomlán ach is féidir ticéad a fháil go fóill do cheann dá gceolchoirmeacha i Wembley nó i nGlaschú.