‘Talamh nua briste ag Marcas Mac an Tuairneir ar a albam nua Speactram’

Cad atá i bpáirt ag ceol rac agus leictreonach na n-ochtóidí, hip-hap agus ceol rithim agus gormacha na nóchaidí, cuid saothar an banna cailíní Eternal agus Gaeilge na hAlban? 

Ní chloistear le chéile iad de ghnáth, ach tá na heilimintí seo ar fad le cloisteáil ar albam ceannródaíoch nua atá le heisiúint ar an 29 Iúil. 

Táim ag labhairt faoin gceirnín Speactram, atá scríofa agus taifeadta ag an bhfile agus amhránaí  Marcas Mac an Tuairneir. Tá aistear fíorshuimiúil déanta ag Marcas mar dhuine agus mar fhile. Rugadh agus tógadh i Sasana é, ach tá sé mar dhuine de na filí is uilíocha agus is éirimiúla sa Ghàidhlig.

Tá ceithre chnuasach filíochta foilsithe aige go dtí seo, an leabhar nua Polaris ina measc. File bisiúil is ea é, agus beidh a chéad chnuasach eile Cruinneachadh ag teacht amach níos déanaí i mbliana. Is iomaí duais atá bainte ag Marcas dá shaothar filíochta. B’amhlaidh an méid atá bainte amach aige mar amhránaí. Tá aitheantas iontach faighte aige le roinnt mhaith blianta anuas ag an Mòd Náisiúnta Ríoga, féile bhliantúil a dhéanann ceiliúradh ar an gceol in Albain. 

Ach ní amhránaí traidisiúnta é Marcas agus ba é sin an chúis go bhfuil Speactram ceannródaíoch mar shaothar. Albam popcheoil amach is amach atá ann, le stíl agus seánra atá le cloisteáil go rialta ar leithéidí RTÉ 2FM anseo in Éirinn nó BBC Radio 1 sa Bhreatain. Tá fíorbheagán popcheoil taifeadta i gcaitheamh na mblianta sa Ghàidhlig, seachas cuid saothar 101 Band agus Na Soluis Dhuibh sna hochtóidí. 

Tá talamh nua a bhriseadh ag Marcas agus tuigeann sé an tábhacht a bhaineann le popcheol a chruthú sna mionteangacha.

“Cé mhéad uair a chuala tú amhrán i mBreatnais nó i gCoirnis nó i nGàidhlig sna cairteacha? Níor chuala mé riamh ach Capercaillie nó Runrig, a bhí amhráin sna cairteacha acu sna hochtóidí agus na nóchaidí. Tá ceol as Albain le cloisteáil ar leithéidí BBC Radio 2 agus Radio 3, ach tá sé an-dúshlánach amhráin a fháil ar an raidió nach bhfuil i mBéarla. Tá mise anseo le ceol gur popcheol atá ann, agus cloíonn sé leis an ‘remit’ atá acu an popcheol a chasadh. Ach popcheol i nGàidhlig atá ann, agus sin an dúshlán atá ann.” 

 “Tá sé tábhachtach go bhfuil popcheol ann i nGàidhlig. Sílim go bhfuil bearna ann i gcultúr na n-óg don phopcheol. Tá daoine ann a bhíonn ag caitheamh anuas ar an nGàidhlig, a deir gur rud seanfhaiseanta atá ann agus go mbaineann sé le beagán. Ach tá saol nua agus pobal láidir ann. Tá sé de cheart againn rud ar bith gur mhaith linn a dhéanamh i nGàidhlig,” a dúirt sé.

Tá Speactram uilíoch mar cheirnín. Ní hamháin gur popcheol i nGàidhlig atá le cloisteáil ar an albam, ach tá téamaí agus topaicí na n-amhrán thar a bheith difriúil ón méid a bhíonn le cloisteáil i Rogha 40 na hÉireann. Léiríonn an t-amhrán ‘Speactram’, an chéad rian a scríobh Marcas dá albam, é seo go suntasach. Ba é an tragóid a tharla sa chlub oíche Pulse in Orlando, Florida a bhí ina thionchar ar liricí an amhráin. Maraíodh 49 duine agus gortaíodh 53 eile in ionsaí homafóbach ar an 12 Meitheamh 2016. Ábhar coscrach atá ann, ach bhí sé fíorthábhachtach do Mharcas ómós a léiriú do na híospartaigh. Is ón gcéad amhrán seo a thagann teideal an albaim.

Tá taithí an phobail LADT pléite go mion ag Marcas ar ‘Fichead ‘s a h-Ochd’, rian le fonn a fhanann san aigne, ach le doimhneacht iontach sna liricí. Tá ‘Alt 28’, a bhí i bhfeidhm in Albain idir 1988 agus 2000, faoi chaibidil san amhrán. De bharr an ailt seo, bhí sé mídhleathach an homaighnéasacht a chur chun cinn go poiblí, rud a chuir an pobal LADT faoi chois. 

Tá dlúthbhaint ag Marcas le cathair Dhún Éideann agus bhí sé ríthábhachtach dó go mbeadh féiniúlacht na cathrach le cloisteáil ar Speactram, rud a bhain sé amach sna hamhráin a chum sé i gcuideachta Adam Holmes. Cruthaíodh an t-amhrán ‘Èirigh’ le Cumann na nGarbhchríoch in Ollscoil Dhún Éideann a cheiliúradh, mar shampla.

Tuigimid go maith anseo in Éirinn go mbíonn daoine agus grúpaí inár sochaí ag gearán agus ag caitheamh anuas ar theanga agus ar chultúr na tíre. B’amhlaidh an cás in Albain agus scríobh Marcas an t-amhrán cumhachtach ‘Bruidhinn’ le haghaidh a thabhairt ar an fhadhb seo. Ábhar polaitíochta atá le cloisteáil sna liricí, ach d’aon duine a bhfuil an fonn cloiste acu, tuigfidh siad gur popamhrán comhaimseartha atá ann, a d’oirfeadh go foirfe do chairteacha an lae inniu. Rinneadh taifead ar ‘Bruidhinn’ go luath sa phróiseas, leis an léiritheoir iomráiteach Rod Thomas (Bright Light, Bright Light), a chuaigh go mór i bhfeidhm ar Mharcas leis an tslí go meascann sé ceol leictreonach agus an popcheol ina shaothar. 

Tá aistear fíorshuimiúil déanta ag an amhrán ‘Calman’, a léiríonn ómós do na mná i bpobal na Gàidhlig, ar nós Mary Ann Kennedy agus Rachel Walker a bhí ina dtionchar agus ina dtacaíocht mhór ag Marcas. Thosaigh ‘Calman’ amach mar rian a bhí coimisiúnaithe do thogra mór, ach níor baineadh úsáid as an amhrán sa deireadh. Fágadh an t-amhrán  ar leataobh ar feadh tamaill agus nuair a tháinig Marcas ar ais chuige, tháinig na píosaí le chéile. Mhínigh sé gur “smaoinigh mé ar shéis nach ndeachaigh le rud ar bith eile ar Speactram, ach a bhí foirfe don amhrán seo. Tá an Eoraip mar thionchar mór ar ‘Calman’. Is amhrán síochána é. Bhí mé ag déanamh machnamh faoi Albain agus ár n-áit san Eoraip. D’éist mé féin agus an léiritheoir Gary Keane le popcheol ó na tíortha Slavacha agus Baltacha agus tá na heilimintí sin le cloisteáil san amhrán chomh maith.”

Nach mbeadh cuid saothar Mharcais go hiomlán foirfe don Eoraifís? Tá stíl an phopcheoil comhaimseartha, ceol na hEorpa, dúchas, tírghrá agus teachtaireachtaí tábhachtacha fite fuaite ina gcuid amhráin. Níor chuir sé iontas orm go mbíonn daoine ag iarraidh ar Mharcas amhráin a chur isteach sa chomórtas. 

“Gach uile uair a chuirim amhrán amach, pléann daoine an Eoraifís liom. Tagann an oiread sin teachtaireachtaí chugam faoi. Deir siad go mbeadh na hamhráin go hiontach don chomórtas. Sílim go bhfuil daoine ag iarraidh na teangacha Ceiltise a chloisteáil san Eoraifís, cosúil leis an amhrán Briotáinise a chuir an Fhrainc isteach i mbliana.” 

Cé go bhfuil ábhar trom a phlé ag Marcas ar Speactram, tá “grá, crá croí, tréigeadh agus gach uile rud eile a bhíonn le cloisteáil sa phopcheol, le cloisteáil ar an albam seo.” Thosaigh Speactram amach mar thurgnamh nuair a d’iarr an comhlacht taifeadta Watercolour Music ar Mharcas trí amhrán taispeána a thaifead. Tá ceithre rian déag ar fad ar an gceirnín, le héagsúlacht iontach sna stíleanna a bhí ina thionchar ar na hamhráin. 

Chruinnigh Marcas grúpa amhránaithe, ceoltóirí, cumadóirí agus léiritheoirí an-speisialta ar fad le chéile le Speactram a chur i gcríoch, agus tá tionchar acu ar fad ar thoradh na hoibre. Is ó Adam Holmes (a thacaigh ar na hamhráin ‘Balt na Fàire’, ‘Uspag’, ‘Silhouette’ agus ‘Leomhann-duine’) a thagann eilimintí ceol rithim agus gormacha na nóchaidí. Mhínigh Marcas é féin dom cé chomh tábhachtach is a bhí albaim ar nós Always and Forever le Eternal do agus é ag fás aníos. 

Tá macallaí na n-ochtóidí ansin chomh maith, buíochas le Nick Turner a rinne Speactram a léiriú agus a mhaistreadh. Is í Mary Ann Kennedy atá ina léiritheoir feidhmiúcháin agus cloistear cé chomh lárnach is a bhí sí sa phróiseas ar fad. Ós é go bhfuil Éire ghar do chroí Mharcais, tá sé an-suimiúil tionchar Gary Keane, ceoltóir de bhunadh Chill Airne, a d’oibrigh leis ar an amhrán ‘Èirigh’ a chloisteáil. Cuireann uathúlacht na n-amhránaithe Rachel Walker agus Gille MacKenzie, agus an ceoltóir Pàdruig Morrison, rud éigean thar a bheith speisialta le Speactram freisin. 

Níl albam ar nós Speactram cloiste agam roimhe seo agus baineann sé le seánra nua ceoil  – ‘Gaelpop’. Tá Marcas Mac an Tuairneir é féin thar a bheith dóchasach faoin seánra nua seo, agus dar leis: “Táimid ag déanamh imscrúdú ar na féidearthachtaí ar fad atá ann don phopcheol i nGàidhlig sa lá atá inniu ann. Ar Speactram, tharraing muid iliomad cineálacha ceoil le chéile i nGàidhlig den chéad uair. Táim chomh bródúil as an méid atá bainte amach againn ar fad a bhí ag obair ar an saothar seo. Is é an uaillmhian is mó atá agam ná go dtiocfaidh fás ar an nGaelPop, agus go mbeidh breis éagsúlachta le cloisteáil i nguthanna agus i gceol sa Ghàidhlig.”

Beidh Speactram ar fáil le ceannach, le sruthlú agus le híoslódáil ar an Aoine 29 Iúil agus tá breis eolais ar fáil ar shuíomh Mharcais.

Is féidir Speactram a réamhordú ar Bandcamp anois.