Tallann in airde ag Scléip 2016


Bhailigh Scléipeadóirí buacacha as gach cearn den tír le chéile inné i gCluain Tarbh, BÁC, do chraobhchomórtas náisiúnta Scléip, a dhéanann ceiliúradh ar chruthaitheacht ilchineálach na n-óg.

Ba iad Na Fomhuireáin réaltaí móra an lae, buíon de cheathrar as Corcaigh a thóg leo Gradam Scléip Gael Linn 2016 – a bhronntar ar an iomaitheoir is mó a sheas amach le linn an lae – mar aon leis an phríomhdhuais sinsir i rannóg na ngrúpaí ceoil.

Dord, dhá ghiotár, xileafón, tambóirín agus ceithre ghlór áille a chuir an lucht éisteachta, chomh maith leis na moltóirí, faoi gheasa iomlán.

Bronnadh an dara duais i rannóg na ngrúpaí ceoil sinsir ar cheoltóirí cróga Mhuineacháin, Na Painéil Bhána, a chuir sárthaispeántas i láthair le hamhrán den scoth atá nuachumtha acu le cúpla mí anuas.

Is í cailín Chonamara Sonny Ní Chathasaigh, ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, a thug léi an chéad duais sa rannóg sinsir aonair lena hamhrán ‘An Fear Ciúin’, i gcomórtas ina raibh an iomaíocht ba ghéire ann gan amhras.

Bhí dea-scéala ag láithreoir RíRá agus MC Scléip, Niamh Ní Chróinín, do bhuaiteoirí sna rannóga sinsearacha ar an lá agus cuireadh tugtha dóibh seinm ag mórfhéile ceoil Ravelóid i Meitheamh seo chugainn.

Chuir caighdeán ard sna rannóg eile go mór leis an lá, go háirithe sna sceitsí nua-chumtha.

Rinne an dá fhoireann bhuacacha – ‘Joe Mac Aoidh agus a Chairde’ ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear) agus ‘An Coiste Cróinéara’ ó Ghaelcholáiste Thrá Lí (sinsear) – plé fonnmhar agus cumhachtach le téama mór na bliana, 1916.

Tugadh suntas don cheol, damhsa, agus amhránaíocht a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an chúigear moltóirí; an damhsóir Sibéal Davitt; an t-amhránaí Enda Reilly; ball IMLÉ Cian Mac Carthaigh, Síle Ní Dhuibhne agus Leas-eagarthóir NÓS Méabh Ní Thuathaláin – agus ba mhór an t-ardú meanma agus spreagadh é an oiread Gael óg cumasach a fheiceáil ar ardán.

Gael Linn a d’eagraigh Scléip 2016, a bhí ar siúl in Amharclann Clasach.

Seo chugaibh na torthaí…

SÓISEAR

Rince Cruthaitheach (Aonair)
1ú hÁit: Ellen Ní Chonchra – Gaelcholáiste Luimnigh

Rince Cruthaitheach (Grúpaí)
1ú hÁit: Shauna agus Shannon – Coláiste Cois Life, Leamhcán

Sceitse nua-chumtha
1ú hÁit: Joe Mac Aoidh agus a Chairde – Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

Slua-amhránaíochta
1ú hÁit: Na Reibiliúnaigh – Coláiste Lú, Dún Dealgan.

Ceol Uirlise Comhaimseartha (Aonair)
1ú hÁit: Ruairí Mac Closcaí – Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú.

Ceol Comhaimseartha (Aonair)
1ú hÁit: Caoimhe Nic Raghnaill – Scoil Chaitríona, Glasnaíon, BÁC.

Ceol Comhaimseartha (Grúpaí):
1ú hÁit: ‘Clú’ – Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú
2ú hÁit: Anna Marie, Emma, Róisín – Coláiste Íosagáin, BÁC.

SINSÉAR

Rince Cruthaitheach (Aonair)
1ú hÁit: Cian Ó Conraoi – Coláiste Oiriall, Muineachán

Rince Cruthaitheach (Grúpa)
1ú hÁit: Grúpa Choláiste Oiriall – Coláiste Oiriall, Muineachán

Sceitse Nua-chumtha
1ú hÁit: An Coiste Cróinéara – Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí

Slua-Amhránaíochta
1ú hÁit: Idirbhliain – Scoil Chaitríona, Glasnaíon

Ceol Uirlise Comhaimseartha (Aonair)
1ú hÁit: Jack O’Callaghan – Gaelcholáiste Luimnigh

Ceol Comhaimseartha (Aonair)
1ú hÁit: Sonny Ní Chathasaigh – Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

Ceol Comhaimseartha (Grúpaí):
1ú hÁit) ‘Na Fomhuireáin’ – Gaelcholáiste Mhuire, An Mhainistir Thuaidh
2ú hÁit) ‘Na Painéil Bhána’ – Coláiste Oiriall, Muineachán

Gradam Scléip Gael Linn 2016 ‘Na Fomhuireáin‘ – Gaelcholáiste Mhuire, An Mhainistir Thuaidh

SCÉALTA EILE