An féidir le popcheol mionteanga a shábháil ón mbás?
Sin an cheist atá á cur sa tsraith nua raidió ‘Teanga Gan Ceol, Teanga Gan Anam’ atá le tosnú anocht ar Raidió na Life.
Is fada spéis ag láithreoir na sraithe, Cian Mac Cárthaigh, sa cheol agus an tionchar a imríonn ceol nua-aimseartha ar mhionteangacha agus ar phobail a labhartha.
Sa tsraith cheithre chlár seo mar sin beidh Cian ag dul ar thuras chuig an Bhreatain Bheag agus ag insint scéal popcheoil na tíre sin agus an tionchar a bhí ag an cheol ar athbheochan na Breatnaise.
Ag an am céanna beidh sé ag fiafraí an féidir linne in Éirinn an rud céanna a bhaint amach agus ag caitheamh súl ar na hiarrachtaí atá ar bun faoi láthair.
I measc na n-aíonna a bheidh ag caint leis i rith na sraithe beidh Gruff Rhys (Super Furry Animals, Neon Neon), Cerys Matthews (Catatonia, BBC 6Music), Dafydd Iwan, Huw Stephens (BBC Radio One), Fiachna Ó Braonáin (Hothouse Flowers, RTÉ Radio One) agus Daithí Ó Drónaí (ceoltóir agus léiritheoir ceoil).
Beidh an clár ag tosú inniu (24 Deireadh Fómhair ) ag 19:30 ar Raidió na Life 106.4FM agus gach Aoine ina dhiaidh sin.
Is féidir éisteacht isteach fosta ar www.raidionalife.ie