Fear ann féin é Darren Cunningham (Actress), radacaí de léiritheoir ceoil leictreonaigh a spreagann saoithíní techno i mbun clabaireachta lena dhríodar fuaime dúshlánach agus preaseisiúintí cripteacha.
Seans go ndeirtear an iomarca faoi cheol Actress, ach tá rud amháin fíor: tá cumas neamhghnách ag an bhfear chun ceol a léiriú gur mó é ná méid a chodanna.
Fuaim a chuireann d’intinn ar shiúl go háit eile ar fad is tú i mbun éisteachta.
Is minic nach áit dheas atá i gceist, agus thuigfinn dá mbeadh éinne a bhlais gruaim dhiostóipeach a albaim dheireanaigh (Ghettoville, 2014) amhrasach faoi AZD.
Is beag an pléisiúr a bhaineas féin as an bhformhór de Ghettoville, leis an fhírinne a insint, ach tá AZD ar cheann dos na fadsaothair is mealltaí atá cloiste agam go dtí seo i mbliana.
Seo ceol leictreonach na gclubanna rince athshamhlaithe mar ealaín theibí don éisteoir aonair.
Gan dabht, ní hé Cunningham an chéad fhear óg a thug an cúram úd air féin, is tá tionchar séiseach Autechre le clos ar rianta mar ‘Untitled 7’ is ‘Cyn’, chomh maith le smúit shonach an cheoil iar-Burial le brath tríd an albam in iomlán.
Tá rithimí an cheoil seo faoi chomaoin ag saothar léiritheoirí techno chathair Detroit, go háirithe Kenny Larkin agus Terrence Dixon i gcás ‘Fantasynth’ agus ‘Visa’, faoi seach.
Tá ‘Runner’ ar an rud is giorra do ghnáth-rian house don urlár rince atá le clos ar AZD, ach leis an bhfothram agus na guthanna atá le clos sa chúlra mheasfá gur ag éisteacht ón scuaine ar do shlí isteach sa chlub atá tú seachas istigh ar an urlár rince féin.
Soláthraíonn an ‘Falling Rizlas’ gan bhuillí aoibhneas searbh milis don gcroí brúite, is táim go hiomlán faoi gheasa ag teannas briosc brúidiúil ‘Dancing In The Smoke’ ó eisíodh mar shingil é ag tús na míosa.
Ní chuireann Cunningham cos amú ach uair amháin ar AZD, nuair a bheartaíonn sé blípeanna ó mhóideim diailchaoi a fhí trí fhuaim cheolfhoirneach ‘Faure In Chrome’.
Maithimid dó a cheanndánacht – is minicí é chun leas an éisteora ná a mhalairt ar AZD.