An grúpa ceoil nua is fearr sa Bhreatain é Temples.
Sin tuairim Noel Gallagher. Agus Johnny Marr freisin. Aontaíonn go leor daoine eile leo – tá albam début an ghrúpa, ‘Sun Structures’, ar an albam is mó a raibh díol air i siopaí Rough Trade i mbliana, agus do bhain an ceirnín #3 amach i gcairt idirnáisiúnta na Seapáine.
Is albam breá é ‘Sun Structures’ – rac-cheol sícideileach snasta loinnreach i stíl Marc Bolan agus The Byrds – ach is saothar é a bhfuil cumha ró-láidir air i ndiaidh ré na seascaidí, gan iarracht aon rud nua a sholáthar don éisteoir.
Ach mar amh-ábhar d’athleaganacha fada máistriúla Beyond The Wizards Sleeve (an dioscmharcach iomráiteach Errol Alkan agus Richard Norris ó The Grid), ní féidir ceol Temples a shárú.
Is cuma iad ag plé le port bog rac mar ‘Roscoe’ Midlake nó indie-rac uilleach mar ‘Ulysses’ Franz Ferdinand, tá blas sícideileach, ach go mí-aimseartha úr, ag baint le hathmheascáin BTWS.
Tá BTWS tar éis rud speisialta a chruthú i gcás ‘Sun Re-Structured’.
Rud nach gcloistear minic a dhóthain i ré seo na híoslódála digití: albam go bhfuil slacht agus gluaiseacht ag baint leis a shásóidh do chluasa ón gcéad nóta go dtí an buille deiridh.
Tá Alkan agus Norris tar éis tumadh go domhain isteach sna bun-taifid, béim curtha acu ar na heilimintí séiseacha is mó a thaitin leo, breis drumaí scaoilte curtha faoina mbun acu agus dornán de dheannach draíochta stiúideo croite ar a bharr.
Is ceol uirlise cuid mhór de ‘Sun Re-Structured’, ach tá liricí James Edward Bagshaw sníofa isteach is amach as an meascadh go samhlúil ar na leaganacha nua d’amhráin mar ‘Sand Dance’ agus ‘Sun Song’.
Cur chuige é a thugann spás anála don gceol nach raibh le fáil ar bhunleagan an albaim.
Ach ní gá don éisteoir ceann a roghnú thar an ceann eile – tá bunleagan ‘Sun Structures’ agus leagan Beyond The Wizards Sleeve anois le fáil mar dhlúthdhiosca dúbailte.