Ten Cities

Cad é seo, go díreach?

Toradh ar thógra uaillmhianach idirchultúrtha de chuid Goethe-Institut na Gearmáine é Ten Cities.

Thug léiritheoirí ceoil na gclubanna as cúig chathair éagsúla san Eoraip (Beirlín, Napoli, Cív, Briostó agus Liospóin) a n-aghaidh ó dheas go dtí an Afraic le dul i mbun ceol a thaifeadadh le léiritheoirí agus ceoltóirí áitiúla i gcúig chathair éagsúla (Caireo, Johannesburg, Luanda, Lagos agus Nairobi).

I measc ambasadóirí sonacha na hEorpa d’aithneofá ceannródaí na fuaime dubchéime Pinch (Briostó) agus don an cheoil deep house Vakula (Cív), seans, ach is beag duine sa domhan ó thuaidh ó Thrópaic an Phortáin go mbeadh cur amach acu orthu siúd, mar Temi Oyedele (Lagos), Alai K (Nairobi) agus Bikya (Caireo), a chuir fáilte roimh na hEorpaigh ó dheas.

Cliché é an ráiteas ‘it began in Africa’ – ach is cuma cé acu an mbeadh bunús an chine daonna i gceist ag David Attenborough nó trácht á déanamh ag The Chemical Brothers (nó Romare, ambaiste) d’fhoinse na ndrumaí a bhfuil mar chroí cheol rince na gclubanna sa lá atá inniu ann – tá an fhírinne ann.

Déanann sé ciall, mar sin, léiritheoirí Eorpacha a athlonnú go dtí an Afraic ar feadh seala, ach ní fhéadfá a rá gur coincheap as an nua é.

Tá comhrá ceoil ar siúl idir an Afraic agus an Eoraip leis na cianta, agus, le bheith ionraic, tá léiritheoirí mar Débruit na Fraince, Batida Liospóin agus LV Londan tar éis a saghas comhcheangail stíle, atá le clos ar na poirt is fearr ar Ten Cities, a bhaint amach cheana féin sa stiúideo baile le húsáid na teicneolaíochta samplála agus rud beag samhlaíochta.

An bhfuil aon mhaith ann?

Tá Pinch ar thosach cadhnaíochta, é soiléir ón ‘Are You Coming With Us’ damanta maith i dteannta Temi Oyedele go bhfuil go leor machnaimh déanta aige ar conas an leas is mó a bhaint as a scileanna mar léirithoir dubchéime i gcomhthéacs cheol na hAfraice. Afrai-teicneo é, Jim, ach ní mar a chloistear de ghnáth é!

Tá cúinní dorcha diostópacha i gceol Arabach na hÉigipte aimsithe ag Diamond Version (Raster Norten Bheirlín) agus Bikya is Wetrobots Chairo ar ‘DV_BK_WR 01’.

Tá sásamh le baint, freisin, as port mór fánach afra-snagcheoil Vakula agus Planet Lindela J’burg (‘Jozi Sunset’), agus afra-house slachtmhar leithéidí Afrologic agus Octapush.

Laigí?

Dub-techno leamh gan treo Dubmasta, Hans Teichmann agus Leon Ersamus. Ní léir ó ‘Choborops’, i dteannta Teichmann, go dtuigeann Dirty Paraffin J’burg an miondifríocht idir rapáil agus bheith ag caint caca thar cheol.

Agus tá barraíocht Kuduro/UK Funky/Afra-house ar bheagán samhlaíochta le clos.

An breithiúnas?

Deis curtha amú de bharr easpa fócais agus easpa samhlaíochta. Seans go mbeadh toradh níos spéisiúla ar Ten Cities ach léiritheoirí as Meiriceá Theas, mar Cero 39 na Colóime, bheith curtha sall go dtí an Aifric.

SCÉALTA EILE