TG Lurgan ar fáil ar Spotify

Tá cartlann TG Lurgan, an stiúideo a bunaíodh i gColáiste Lurgan in Indreabhán tuairim is deich mbliana ó shin,  ar fáil saor in aisce anois ar an seinnteoir ceoil Spotify. Tá 100 amhrán ó cheárta an choláiste cháiliúil samhraidh anois ar fáil ar an ardán mór le rá agus na mílte duine tar éis cluais a thabhairt dóibh agus gan fiú seachtain caite acu in airde ann. 

Cé gur thosaigh TG Lurgan chomh fada siar le 2008, nuair a taifeadadh an chéad fhíseán ceoil don amhrán nuascríofa ‘Ar Mhaith Leat Damhsa Liomsa’, tarraingíodh aird an domhain mhóir ar na daltaí ceolmhara in 2013 nuair a d’eisigh siad leagan Gaeilge den amhrán ‘Wake Me Up’ leis an gceoltóir Sualannach Avicii, a bhásaigh an tseachtain seo caite. 

Tá na milliúin radharc faighte ag an bhfíseán ceoil sin amháin go dtí seo agus na scórtha milliúin ag físeáin eile a rinneadh roimhe agus ina dhiaidh. Tá cáil idirnáisiúnta ar TG Lurgan as caighdeán ard léirithe na bhfíseán ceoil agus is rímhinic na hamhráin féin a bheith á n-úsáid mar uirlis foghlama i seomraí ranga ar fud na hÉireann agus i ranganna Gaeilge ar fud an domhain.  Tá formhór na n-amhrán atá anois ar fáil ar Spotify roinnte ina n-albaim bhliana, faoi theidil ar nós Lurgan 2k12 Lurgan 2k17, Vol. 1 agus araile ach tá roinnt bheag amhrán ann óna luathbhlianta. 

“Tá ríméad orainn go bhfuil an chatalóg anois ar fáil ar Spotify agus an deis ag na daoine óga a thagann go dtí muid sa samhradh a bheith ag éisteacht leis an gceol a chruthaigh siad féin agus a gcairde ina dteanga féin ar an gcaoi chéanna is a bhíonn siad ag éisteacht le chuile chineál ceoil eile. Is léir ón tóir mhór a bhíonn ar na físeáin s’againne ar YouTube gur maith le daoine a bheith ag éisteacht leis an gceol seo i nGaeilge agus tá muid sásta go mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh ar ardán eile anois freisin,” a dúirt Mícheál Ó Foighil, bainisteoir Choláiste Lurgan. 

Beidh tús á chur arís go luath le séasúr na gcoláistí samhraidh ar fud na Gaeltachta agus beidh daltaí agus foireann Choláiste Lurgan i mbun oibre le tuilleadh amhrán a thaifeadadh. D’fhógair TG Lurgan níos luaithe i mbliana go bhfuil sé i gceist ag an stiúideo díriú níos mó ná riamh i mbliana ar amhráin agus ceol nuachumtha. 

Is leaganacha Gaeilge d’amhráin Bhéarla, agus roinnt teangacha eile, a bhíonn á dtaifeadadh den chuid is mó ag TG Lurgan, cé go bhfuil roinnt mhaith amhráin nuachumtha déanta acu freisin. Eisíodh gairm an mhí seo caite ina lorgaíodh ceoltóirí agus amhránaithe atá líofa sa nGaeilge le bheith ag obair leis an stiúideo chun ábhar úrnua a chruthú. 

SCÉALTA EILE