“We want, or wanted, to believe that without love we would disappear. That love, somehow, would save us that, yeah, if we have love, give love and know love, we are truly alive and if there is no love, there would be no life. The Terror is, we know now, that even without love, life goes on… we just go on… there is no mercy killing.” Wayne Coyne, Príomh-amhránaí The Flaming Lips.
Failtíonn The Flaming Lips roimh dhúshláin. Slua surfála laistigh de bholgán ollmhór plaisteach? Fadhb ar bith. Thriail Jay-Z an méid is mó ceolchoirmeacha riamh a sheinm in aon lá amháin a shárú, d’éirigh leo ocht gcinn a dhéanamh, dála an scéil gan stró.
Aintiún dearfach, tarchéimniúil fiú, d’amhrán mar ‘Do You Realise” a scríobhadh faoi ábhar an bháis? Furast! Ach cuir rompu an dúshlán is bunúsaí dá bhfuil romhainn ar fad, an staid dhaonna, agus cailleann The Flaming Lips misneach. Ní cúis ró-imní dóibh an bás, de réir dealraimh, ach fullaingt sa saol seo.
Sea, is saothar gruama, suaite é ‘The Terror’. Faightear radharc d’ifreann inmheánach Wayne Coyne. Ní shin le rá go bhfuil an ceirnín ina dhúshlán mar ábhar éisteachta.
Is ábhar athbhríoch é ionracas Coyne agus tá ‘The Terror’ níos snasta agus níos aonchineálaí ná an ‘Embryonic’ streachlánach a d’eisigh The Flaming Lips i 2009.
Dúirt Coyne uair amháin, dá gcuirfí ceist air cén uirlis cheoil a chasann sé, go ndéarfadh sé “an stiúidió”. Ní raibh sin riamh chomh fíor agus atá anois i gcás ‘The Terror’.
Ag éisteacht le ‘Embryonic’, do shamhlófá uaireanta gur bhailigh an grúpa ar fad isteach in aon seomra amháin chun amhráin a thaifead le chéile beo.
I gcás ‘The Terror’ táthar tar éis na fuaimeanna ar fad a chur tríd miontóir leictreonach an ríomhaire agus stoirmeacha smiútúla d’amhráin a dhéanamh as an smionagar.
Ní haon rud leisciúil atá ar bun acu. Tá nós seanchleachtaithe The Flaming Lips sineirge iontach a chruthú as bun-séis thaibhseach, armóiní ag sníomh agus glór teann Coyne anseo ó thús deireadh – bíodh do chluasa á réabadh ag géar-ghiotár uilleanach agus saobhadh leictreonach ar ‘Look… The Sun Is Rising’ nó d’aigne imithe le sruth ar fharraige an áiféala ar ‘Try To Explain’.
Beidh dúshlán eile roimh The Flaming Lips an taifead seo a athchruthú beo.
Ach bí cinnte den méid seo: rud amháin sa saol seo nach mbeidh ina ábhar díomá do lucht leanúna na Lips ná ‘The Terror’. Saothar gan cháim.