The Phantom – LP 2 (Silverback)
4/5
Bhí bús anuraidh faoin oiread éagsúlachta, saibhris agus samhlaíochta a bhain leis an gceol grime a bhí le clos ó ghlúin nua de léiritheoirí ceoil na stíle.
Do léirigh albam début Tre Mission Cheanada, ‘Stigmata’, cumas an fhir óig chun cónascadh nádúrtha de stíl Grime Wiley agus fuaim hip hop Outkast a chruthú, dhein Fatima Al Qadiri ceol na stíle sinogrime a ghléasadh in éadach síodúil Síneach ar an bhfadcheirnín ‘Asiatisch’, agus do loit Mr Mitch sinn lena saothar emo-grime aimbiach ‘Parallel Memories’.
Tá ‘LP 2’ le The Phantom (Bartosz Kruczynski) as Vársá na Polainne chomh maith le haon cheann dos na halbaim thuas luaite, agus Kruczynski ag roghnú phopcheol turgnamhach na n-ochtóidí (Laurie Anderson i ré ‘Mr Heartbreak’) agus luath-cheol ambient/new age (Vangelis, Riuchi Sakamoto agus Iasos) mar thúsphointe aeistéitiúil dá radharc úr ar éiteas an cheoil grime.
Tá na buillí troma agus dord cíorach le clos, bí cinnte de, ach labhraíonn inneach an cheoil seo leat faoi shnámh in uiscí te turcaidghorma trópaiceacha, chomh maith lena bheith ag crochadh thart ar eastát tithíochta.
Albam meallacach amach is amach é ‘LP 2’.
I saol seo na háibhéile beifear ag súil nach rachaidh an rud go bhfuil sé á eisiúint ar lipéad beag anaithnid, in ionad lipéid mór le rá mar Hyperdub nó Planet Mu, ina choinne.
Éist le ‘Complex City’ ón albam anseo: