The Raah Project – Score

Deirtí, agus an scríbhneoir seo ag fás aníos, go raibh An Astráil i gconaí deich mbliana laistiar den Eoraip ó thaobh forbairtí popcheoil de.

Fiú má bhí an méid sin fíor sna hochtóidí, tá deireadh curtha ag an idirlíon le moililú cultúrtha an leathsféir theas.

Níl de bhac ar chumadóirí ceoil an lae inniu ach easpa samhlaíochta agus easpa glóirmhéine.

Ní fhéadfá a leithéid a chur i leith na beirte atá freagrach as The Raah Project áfach, mar atá Ryan Ritchie agus Tamil Rogeon.

Bunaíodh an tógra chun na paistí liatha sin idir seánraí ceoil a mhionscrúdú – chun léamh nua a thabhairt ar hip hop, electronica, ceol anama, abair, ach gan dearmad a dhéanamh ar na bunphrionsabail a bhaineann le cruth an amhráin, tobchumadh snagcheoil agus cóiriú don gceolfhoireann.

Ábhairín ardaidhmeannach?

Sea, ach chuige sin thug Ritche agus Rogeon ceolfhoireann de sheacht mball déag, banna mór (The Australian Big Band) agus scoth na gceoltóirí snagcheoil agus func i Melbourne isteach sa stiúideo leo chun Score a thaifeadadh.

Níos minicí ná a mhalairt, teipeann ar a leithéid de thógra, ach i gcás The Raah Project is saibhre an toradh ná luach na mbun-eilimintí a infheistíodh ann.

Ní ó eisíodh Everyday le The Cinematic Orchestra ar éirígh le grúpa cónascadh chomh mealltach a chruthú idir ceol comhaimseartha na cathrach agus oidhreacht shnagcheol, cheol anama agus cheol scannáin na seachtóidí.

Is furasta an rud é aithris a dhéanamh ar do laochra – agus sa chás seo is léir go bhfuil Nat King Cole, Sun Ra agus David Axelrod i measc laochra Ritche agus Rogeon – is é an rud deacair ná na foinsí inspioráide sin a shníomh le chéile chun rud nua a nochtadh agus do rian féin a fhágaint ar an saothar.

Ní hamháin go mbaineann The Raah Project an méid sin amach, cinntíonn draíodóireacht fuaime Ritchie go bhfuil peirspictíocht nua ar sheánraí seanbhunaithe ceoil timpeall gach darna cúinne.

Murach go bhfuil glór Ritchie ró-chosúil le Sting in amannta, bheadh Score ní b’fhaide fós i dtreo na foirfeachta.

SCÉALTA EILE