Bhí 1989 lán rudaí móra iontacha – leagadh Balla Bheirlín chun talaimh, craoladh The Simpsons den chéad uair riamh, chuir Toyota an Lexus amach (bhuel… rud iontach a bhí ann d’Alan Partridge, ar a laghad), ó, agus tháinig mise ar an saol.
Sárbhliain ar fad. Ba i mí Aibreáin, áfach, a bhí buaicphointe na bliana le tarlú; eisíodh an t-albam is fearr riamh (dar liom), The Stone Roses le, yep, The Stone Roses. Tá reiligiún na Rósanna á leanstan agam ó bhí mé i mo dhéagóir, agus is cinnte go dtiocfadh liom tráchtas iomlán a scríobh ar an chion atá agam ar Ian, John, Mani is ar Reni. Cibé, tá sé sin déanta agus athdhéanta ag na sluaite romham – agus iad ar fad léite agamsa – mar sin, is ar début na ngasúr a bheas mé ag díriú mo chuid airde anseo.
Ó thús deireadh, tá an chéad albam de chuid na Rósanna lán nithe éagsúla nach soiléir ar an chéadamharc go bhfuil níos mó bainteach leo ná foinn mheidhreacha, fir óga Mhanchaineacha agus faisean na dtreabhsar máilíneach.
Bíodh clúdach an albaim mar chéad sampla againn; saothar ealaíne cruthaithe ag giotáraí an ghrúpa, John Squire. Mar a rinne sé le mórchuid a n-eisiúintí, chuaigh Squire i mbun Pollockála leis an phíosa seo dar teideal ‘Bye Bye Badman’ a chruthú, a dhéanann tagairt do chíréibeacha Pháras i Mí na Bealtaine 1968.
Mar a mhíníonn sé féin, “Ian had met this French man when he was hitching around Europe, this bloke had been in the riots, and he told Ian how lemons had been used as an antidote to tear gas” – an chúis atá taobh thiar den Tricolore is de na líomóidí ar an chlúdach.
Ach níl dearmad déanta ar na hÉireannaigh anseo ach oiread – bhí an fharraige thart ar Chlochán an Aifir i gCo. Aontroma mar inspioráid do na dathanna sa chúlra i ndiaidh do na Rósanna bheith anseo ag seinm in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin (atá ar liosta mór ceolchoirmeacha Rósanna a raibh mise ró-óg le freastal orthu… rippineáilte).
Ní féidir alt a scríobh ar an albam seo, dar ndóigh, gan trácht a dhéanamh ar na leabharthacaí iontacha atá in ‘I Wanna Be Adored’ agus ‘I Am the Resurrection’- ní amháin go léiríonn na teidil an fhéinmhuinín (nó an féinspéiseachas, ag brath ar cé atá ionat) a bhí ag na gasúir iontu féin agus iad díreach ag tosú amach, ach an deireadh fadálach prog-rac ‘Resurrection’ a chaith siad trí lá lena oibriú amach – agus atá mar sméar mhullaigh an albaim.
Bíodh siad ag léiriú a gcuid tuairimí frith-ríogaí in ‘Elizabeth My Dear’, ag cur amhráin atá droim ar ais ar a gcéad saothar le ‘Don’t Stop’, nó ag taispeáint a bhféithe ceoil nach bhfuil á sárú ann, is lánchinnte gur léiriú intinne a bhí in The Stone Roses – “The past was yours, But the future’s mine”.
Sin é briathar na Rósanna, buíochas le hIan Brown.