Tír gan cheol, Tír gan anam: an ceol sól in Éirinn

Ba é ceol sól an seánra is fearr liom i gcónaí. Mheall a mhothúcháin chumhachtacha agus a fhuaim fhuinniúil mise go saol Aretha agus Ray ó bhí mé óg. Agus mé á scríobh seo, tá mo chaschlár caite ag guth aoibhinn Sam Cooke. 

Ar an gcéad amharc, níl an chuma air go bhfuil páirt mhór ag ceol sól i stair cheol na hÉireann. Samhlaítear fuaimeanna motown le Detroit níos minice ná Doire. Nochtann taighde níos doimhne an ról ceilte ach suntasach atá imeartha acu ar a fhorbairt áfach. Cé gur thosaigh an seánra ag baint clú amach in Éirinn agus sa Bhreatain le linn na 60idí, tosaíonn a scéal ag céim i bhfad níos luaithe. 

D’fhorbair ceol sól comhaimseartha mar leagan snasta ar na gormacha loma. Tá bunús na ngormacha an-spéisiúil. Is minic a dhéantar cur síos orthu mar chumasc neamhghnách ceol tíre Ceilteach agus Afracach. Úsáideann an dá stíl téaduirlisí go fairsing, agus cruthaíonn an mionghléas atá coitianta iontu atmaisféar sollúnta uaigneach. Ba shaintréith na ngormacha luatha é idirghníomhú an fhidil Cheiltigh agus na ndrumaí Afracacha. Chinntigh comhchruachás an dá phobal – an pobal Gaelach agus an pobal Afrai-Mheiriceánach – i gcoinne coilínithe agus sclábhaíochta faoi seach, go mbeadh liricí brónacha ina sainchomhartha coiteann eile. 

Céad bliain ina dhiaidh sin, thug Van Morrison na gormacha isteach i saol cheol na hÉireann. Spreagtha ag Ray Charles agus Solomon Burke, sheol Morrison a ghairm aonair le ceirníní amhail ‘Blowin’ Your Mind!’ agus ‘Moondance’. Thaispeáin an t-amhránaí as Béal Feirste a bhua ollmhór agus leag sé bonn le haghaidh forbairt an cheoil sól agus na ngormacha in Éirinn. Trasna an chúige i nDoire, bhí ceol sól faoi bhláth le teacht chun cinn Rob Strong, ‘ceannródaí ceol sól Gaelach’. Cé nach dtugtar a dhóthain aitheantais dó, bhí ról tábhachtach aige agus ní féidir a shéanadh a thionchar ar cheoltóirí Éireannacha sa todhchaí. 

Cuireadh anamcheol thuaidh (nó northern soul) chun cinn sna 70idí luatha, rithimí tapa agus fonn buille suas mar chomharthaí ar an bhfosheánra. Níorbh fhada go raibh cultas bunaithe air in Éirinn. Bhailigh a leantóirí ceirníní neamhchoitianta agus dhamhsaigh siad lena rithimí tógálacha, ag cruthú pobal bríomhar. Spreagadh ceoltóirí mór le rá Meiriceánacha, ar nós Jackie Wilson, go mór leis an anamcheol thuaidh, ag cabhrú leis an mbearna Atlantach a dhruidim. Bhí an buille bríomhar an-tarraingteach don phobal Gaelach, agus daingníodh é i gcultúr na n-óg. 

Faoi na 80idí, thosaigh roinnt amhránaithe Éireannacha ag tabhairt isteach ceol sól agus na ngormacha ina gcuid oibre. Rinneadh réalta gormrac de Rory Gallagher, agus buanaíodh a áit i measc na laochra lena rímháistreacht ar an ngiotár. Líon Phil Lynott agus Thin Lizzy a bhfuaim rac le gnéithe den cheol sól agus de na gormacha. Ba cheannródaí é Lynott mar an chéad cheoltóir gorm Éireannach iomráiteach, a chuir chun cinn an éagsúlacht san earnáil. Lean U2 orthu lena dtaiscéalaíocht ar cheol Meiriceánach ar an tseanstíl le ‘Rattle and Hum’. Chomhoibrigh an banna is mó ar domhan le laoch na ngormacha, B.B. King, agus cór gaspal Harlem, ag taispeáint éifeacht an cheoil sól in Éirinn. 

Cor cinniúnach iad na 90idí le leagan coscrach Sinéad O’Connor d’amhrán Prince, ‘Nothing Compares 2 U’. Cuireadh an t-éisteoir faoi dhraíocht lena guth álainn, tugtha le chéile leis an gcóiriú íostach. Léirigh sé athleagan sól trí lionsa Gaelach. An bhliain ina dhiaidh sin, thóg eisiúint ‘The Commitments’ an seánra go daingean isteach sa chultúr in Éirinn. Chroinicigh an scannán banna sól ficseanúil as Baile Átha Cliath. Rinne siad leaganacha d’amhráin Otis Redding, Wilson Pickett, agus a leithéid. Thaispeáin ‘The Commitments’ cumas an cheoil sól a fhréamhacha Meiriceánacha a tharchéimniú agus daoine coiteanna na hÉireann a chorrú. 

Tar éis sos gearr, bhí borradh ollmhór ag saol an tseánra in Éirinn i Meán Fómhair 2013 nuair a chuir Hozier amach ‘Take Me To Church’. Cónascadh ceol sól, gaspal, agus na gormacha i gcritíc láidir ar cheannas na hEaglaise in Éirinn. Thug a chéad albam clasaicí comhaimseartha dúinn, leithéidí ‘Work Song’. Tá ómós tugtha ag Hozier do laochra an tseánra sna hamhráin ‘Jackie and Wilson’ agus ‘Nina Cried Power’. Chomh maith leis sin, nach lú ná 17 tagairt déanta aige do phíosaí snagcheoil a spreag é i liricí ‘Almost (Sweet Music)’. 

Sa lá atá inniu ann, tá mná Éireannacha ó chúlraí éagsúla ag forbairt an cheoil sól go buaiceanna éachtacha. Cuireann Erica-Cody faobhar R&B lena téamaí feimineachais agus féinghrá, ag cruthú rianta atá somheabhraithe agus cumasaithe araon. Tugann ‘ceol sól ealaíne’ de chuid Loah sól clasaiceach, ceol tíre Gaelach, agus rithimí thiar na hAfraice le chéile, ómós dá hoidhreacht Siarra Leonach. Déanann Tolü Makay aithris ar Nina Simone agus Amy Winehouse lena cumasc sól agus popcheol lom. Cuireann na ceoltóirí tréitheacha seo a mbuanna agus a ndearcthaí le seánra atá ag teacht chun cinn arís. 

Ó amhráin oibre na ndaoine i ndaoirse go dtí bailéid na ngormacha de chuid Van Morrison, tá turas an cheoil sól lán le forbairt agus athchruthú. Leanann sé inniu le haintiúin Hozier agus ealaíontacht nuálach Loah agus Tolü Makay. Is cinnte go bhfuil a bhuaic romhainn. 

SCÉALTA EILE