Tá an fidléir aitheanta Fergal Scahill, ón ghrúpa We Banjo 3, ag tabhairt faoi rún ceolmhar na bliana úire agus tiúin a thaifeadadh, agus a roinnt ar na meáin shóisialta aige, gach lá le linn 2017.
“Ar chúis chraiceáilte éigin, tá beartaithe agam tiúin a thaifeadadh ar an fhidil gach lá in 2017, ag tosú inniu,” arsa Fergal agus a chéad fhíseán á chur i láthair aige.
“Sin 365 tiúin ar an fhidil!”
Go dtí seo, tá os coinn 38,000 radharc faighte ag an chéad fhíseán, a foilsíodh ar a leathanach Facebook ar an 1 Eanáir.
As Cora Finne in Oirthear na Gaillimhe é Fergal agus is tráthúil gur roghnaigh sé port le Paddy O’Brien, cumadóir mór de chuid an cheantair chéanna, chun tús a chur lena dhúshlán ceoil do 2017.
Tháinig deartháir Fergal, Adrian, ina theannta ar an bhosca ceoil don dara físeán agus leagan an-deas de ríl Ed Reavey ‘Fisherman’s Island’ á thabhairt uathu.
Inné, bhí Fergal i gCill Dara, agus é ag tabhairt cuairte ar an fhidléir Ryan Molloy, as Tír Eoghain ó dhúchas.
Idir stíl bhreá fidléireachta Fergal agus a chuideachta cheolmhar tá muid ag súil go mór le cluas a thabhairt do thiúin éagsúil gach lá! HUP!
Leanaigí Fergal anseo, 2017 abú!