Ní féidir ach an focal grúvaíáilte a thabhairt ar shaothar nua IMLÉ le Róisín Seoighe agus James Shannon. Tá an t-amhrán úr ‘Sláinte’ amuigh inniu, an 24 Bealtaine, mar réamhtheachtaí ar EP an ghrúpa a sheolfar san fhómhar.
Is é seo an chéad singil de chuid IMLÉ leis an rapálaí as Baile Átha Cliath, James Shannon, a léiríonn dhá véarsa iontacha ar an amhrán faoi chonstaicí agus streachailt ár linne, chomh maith le tacaíocht a thabhairt leis an fhonnadóireacht chúlra ar an churfá.
Forbraíodh ‘Sláinte’ ó athmheascadh a rinneadh ar an amhrán ‘Fáilte Isteach’ de chuid IMLÉ. Ach nuair a scríobhadh cuid de na liricí, d’airigh Cian Mac Cárthaigh, duine de na giotáraithe agus bunaitheoir an chomharghrúpa, “splanc sa rian” mar a thug sé féin air. Uaidh seo, d’oibrigh an bhuíon chruthaitheach le James Shannon agus Róisín Seoighe agus cumadh ‘Sláinte’.
Is “fuaimrian foirfe do mhíonna an tsamhraidh é,” a deir IMLÉ, agus is doiligh é sin a shéanadh. Léiriú den chéad scoth atá le fáil sa phort, le hobair dhícheallach déanta ag an léiritheoir fhadtréimhseach leis an ghrúpa, Karl Odlum, a bhfuil obair déanta aige ar an EP atá le teacht.
Luann an banna go bhfuil lorg dhioscó agus func na 70idí le cluinstin ar an traic le drumaí fuinniúla agus le dordlíne láidir agus cordaí giotáir funcaíáilte á sheinnt ag Neil Ó Broin agus Cian Mac Cárthaigh faoi seach.
Spreagfadh brí an churfá aon duine. Tá áilleacht ar leith agus dóchas i nglór Róisín agus í á chanadh, cé go mbaineann liricí an amhráin le rud breise a lorg agus coranna an tsaoil sa nua-aois a phlé.
Ní fhanann an bheirt cheolmhar glan ar shaincheisteanna an chóras sláinte ach oiread. Pléann siad cé chomh doiligh agus atá sé coinne dochtúra nó triáis otharlainne a fháil, ag canadh leo ag deireadh na tiúine: “Feitheamh, an bhfuil níos mó?” Eispéireas uilíoch an Éireannaigh.
Ag magadh atá mé, dar ndóighe, ach ní magadh é nuair a deirim go bhfuil an fonn seo anois i bhfostú i m’intinn. Níl mé ag gearán ach oiread. Cuireann a ndá ghuth le chéile go hálainn agus cé go bhfuil na liricí gonta, is liricí iad arbh fhurasta dáimh a bheith agat leo.
Tiocfaidh físeán ceoil, stiúrtha ag Ciarán McGrath, leis an tsingil fosta. Deir IMLÉ go láidríonn an físeán “an scéal seo den chodarsnacht idir an doiléir agus an geal.” Tarraingíonn sé ar aeistéitic na mall 90idí agus an chéad chúpla bliain den Mhílaois agus faigheann spreagadh ó leithéidí The Truman Show agus Punch-Drunk-Love chomh maith.
Tá an singil úr ‘Sláinte’ le IMLÉ x Róisín Seoighe x James Shannon le cluinstin anois ar Apple Music, Spotify agus ar eile.