Treo eile don cheol Gaeilge

Tá a gcéad EP eisithe ag Gaeil óga Mhuineacháin, Dysania. Ceithre thraic bheoga atá ar ‘An Treo Eile’ agus beidh an banna á gcur os comhair an tsaoil san oíche amárach i mBéal Feirste ag an fhéile Liú Lúnasa. Tá a chóip faighte ag ár léirmheastóir Ben Ó Faoláin agus a bhreithiúnas tugtha aige anseo.


Ní maith liom cur i gcéill.

Ní éistim le ceol ‘ar son na cúise’ – bíodh polaitíocht nó teanga i gceist.

Ní roghnaím ceol Sigur Ros toisc go bhfuil dúil san Íoslainnis agam, agus ní thagann m’easpa líofachta sa teanga Tamashek idir mé agus ceol breá Tinariwen.

Feictear dom go bhfuil claonadh ag Gaeil amhráin nuachumtha inár dteanga féin a mholadh go hard na spéire gan beann ar chaighdeán na n-amhrán ná an cheoil féin.

Bímís ionraic faoi: is beag amhrán nuachumtha Gaeilge atá le clos a sheasfadh an fód i gcomhluadar idirnáisiúnta.

Tá corr-iarracht iontach le clos – amhráin mar ‘Sínte’ Rís, abair – ach cá bhfuil ár ‘Common People’ (Pulp), ár ‘What Difference Does It Make’ (The Smiths), ár ‘Smells Like Teen Spirit’ (Nirvana)?

Dúirt scríbhneoir Gaeilge liom lá gur bhraith sé go bhfuil cur amú ionspráide i gceist le húrscéal fíor-mhaith a fhoilsiú i nGaeilge (seachas i mBéarla), agus líon na léitheoirí Gaeilge chomh beag is atá.

Is cuma ceart nó mícheart a réasún, bí cinnte gur beag cumadóir amhrán Gaeilge nár rith an smaoineamh céanna leo i gcás a gceirde féin ag pointe éigin.

Molaimís an óige, cinnte, ach an dtiocfaidh feabhas ar chaighdeán an amhráin Ghaeilge nuachumtha gan rúinne beag féinscrúdaithe acu siúd, idir pholaiteoirí, iriseoirí agus chraoltóirí, atá i dteideal cúrsaí cultúrtha a chothú, a spreagadh agus a scagadh?

Mar a deir Dysania Mhuineacháin sa phreasráiteas a tháinig lena nEP début, An Treo Eile, “tuigtear dúinn nach bhfeicimid saolré breá na Gaeilge agus muid inár gcónaí i ndomhan rialaithe ag lucht an rachmais”.

Sea, rugadh amhráin An Treo Eile as spiorad na streachailte.

Streachailt, i bhfocail Dysania féin, “in éadan an chórais chráite chaipitligh”.

Shamhlófá an grúpa surf-punk Meiriceánach Agent Orange (Living In Darkness, 1981, atá uait) i mbun troda le The Pogues in aimsir ‘Wild Cats of Kilkenny’ i gcás chéad amhrán an EP, ‘Róisín Dubh’.

Giotáir ghéara, snasta, drumaí ar cosa in airde agus Paul Beagan ag rifeáil ar a fheadóg stáin.

Luascann ‘Bóthar Briste’ go cliste idir racáil teann spleodrach agus sliochta ar leath-luas casta ar an bhfeidhlín agus an fheadóg stáin.

Ní bheinn féin róthógtha le fuaim rac-Cheilteach phreabtha ‘Lasú Croí’, ach tá faobhar ar indie-punk díreach ‘An Treo Eile’ lena ghiotáir nathracha a chuirfeadh Arctic Monkeys i gcuimhe duit.

An bhfuil ‘I Bet You Look Good On The Dancefloor’ Gaelach le haimsiú anseo?

Níl, ach molfar Dysania as rac fíréanta a dhéanamh, is beifear ag tnúth lena seó beo a fheiscint.


Beidh Dysania ag seinm ag 8in sa Chultúrlann, Béal Feirste, amárach – Dé hAoine 28 Lúnasa – mar chuid de Liú Lúnasa. Is féidir cóip den EP a cheannach ar a leathanach Bandcamp.

SCÉALTA EILE