Trí Albam Ultacha

Mar a bheadh Nollaig luath ann, tá trí albam nua-eisithe ar fáil an fómhar seo a bhfuil scoth an cheoil agus amhráin thraidisiúnta ó Chúige Uladh le cluinstin iontu.

San áireamh sa bhronntanas ceolmhar seo tá dhá chnuasach ceoil agus bailiúchán amhrán ar an sean-nós, a shíolraíonn ó gach cúinne den chúige thuaidh.


Ulaid

Cludach ulaid

Eisiúint début é seo ag buíon nua ina bhfuil díséad At First Light – an píobaire John McSherry agus an fidléir Dónall O’Connor – agus scoth an tionlacaí agus ball Beoga Sean Óg Graham, tagtha le chéile faoin ainm Ulaid.

Meascán d’fhoinn nuachumtha atá ar an albam mar aon le leaganacha neamhchoitianta de thiúineanna atá i mbéal an phobail, foinn Oirialla, rogha ó bhailiúcháin éagsúla na 19ú haoise agus foinn a bailíodh thar na blianta ó thíortha Ceilteacha eile, Astúir na Spáinne agus An Bhriotáin ina measc.

Beidh Ulaid ag casadh sa Spirit Store, Dún Dealgán, anocht, 29 Deireadh Fómhair, agus beidh siad ag dul ar camchuairt timpeall na tíre lena n-albam úr as seo go 21 Samhain.

Éistigí leis an rian iontach ‘Roll It There Róisín’ óna saothar nua.


Sona Do Cheird

Dom scala congarach mor

Tá amhránaí iomráiteach Ghaoth Dobhair Doimnic Mac Giolla Bhríde – ar dhuine de bhuaiteoirí Chorn Uí Riada é – ar ais le halbam aonair úrnua.

Déanann Doimnic a chuid féin de shean-amhráin thraidisiúnta a mhair i bhfoirm focal amháin, go dtí anois.

Cóirithe as an nua agus curtha i láthair le foinn nuachumtha ag Doimnic, cluintear é ar an bhocsa mar thionclan, chomh maith le haíonna eile ar an dord, ar an ghiotár agus ar an chláirnéid.

Toradh ar obair bliana atá sa chnuasach speisialta seo, bunaithe go príomha ar thaighde dírithe ar bhailiúchán iomráiteach Énrí Uí Mhuirgheasa, Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh, a foilsíodh in 1934.

Is é Cathal Goan a sheolfaidh Sona do Cheird ag Oireachtas na Samhna, Dé Sathairn seo ag 3in, san Avoca Suite in Óstán an Citywest.

 


Good Morning to your Nightcap

Cludach

Ar deireadh, tá albam nua againn de cheol ardfhuinniúil le ceathrar ceoltóirí as Aontroim, Doire agus Tír Eoghain, a tháinig le chéile i mBéal Feirste agus atá lárnach i saol an cheoil sa chathair cois cuain.

Is é Ruairí O’Kane (fidil), Dessie Adams (féadóg mhór), Paul ‘The Brother’ Maguire (bodhrán) agus Ryan O’Donnell (basúcaí/bainseó) atá le cluinstin i mbun ceoil ar Good Morning to your Nightcap.

Más spiorad an tseisiúin cheoil atá uait, ní gá dul níos faide ná seo nó tá blas bríomhar de shaol an cheoil i mBéal Feirste le brath go láidir sa bhailiúchán, ó thaobh rogha tiúineanna agus stíl de.

Thar dhá lá i mí Mhárta seo caite i stiúideo Redbox, Béal Feirste, a taifeadadh an t-albam agus is é ceoltóir ildánach Dónall O’Connor (féach Ulaid thuas) a léirigh.

Seolfar Good Morning to your Nightcap le linn Fhéile Traidisiúnta Inse 6-9 Samhain.

Seo chugaibh réamhbhlaiseadh de thrí phort, ‘Planxty Charles O’Connor / Rock On The Clyde / The Cow That Ate The Blanket’.

SCÉALTA EILE