Is iad Kneecap Banna Ceoil na Bliana don dara bliain as a chéile ag Gradaim Cheoil NÓS. Bronnadh an gradam mór ar bhuachaillí Bhéal Feirste ag ócáid speisialta sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath anocht.
Anuas ar Bhanna Ceoil na Bliana, thug an triúr rapálaithe as iarthar Bhéal Feirste dhá ghradam eile leo: Amhrán na Bliana dá n-amhrán ‘Gael-Gigolos’ agus Ealaín na Bliana don chlúdach a rinneadh don amhrán céanna.
Bhailigh na sluaite Gael ar Shráid Leeson anocht le ceiliúradh a dhéanamh ar an gceol nua-aimseartha Gaeilge don chúigiú bliain as a chéile. Tá na gradaim uilig bronnta anois ach an chóisir fós ag dul ar aghaidh san ionad agus iar-chóisir geallta i gClub Chonradh na Gaeilge níos deireanaí anocht.
Bronnadh ocht ngradam ar fad ag an ócáid anocht agus ceoltóirí ó gach cearn den tír i láthair ann.
Ba í Gráinne Holland s’againn féin a thug an chraobh d’Albam na Bliana le dá dlúthdhiosca Corcra a eisíodh anuraidh.
Bhuaigh Sibéal, an t-amhránaí iomráiteach as Gaeltacht na Mí, an gradam d’Fhíseán na Bliana. Taifeadadh an t-amhrán in 2016 mar chuid den chomóradh mór a rinneadh ar Éirí Amach na Cásca, ach eisíodh físeán nua don amhrán anuraidh.
Claire Nic Ruairí, as Doire, a bhuaigh an gradam don Albam Traidisiúnta is Fearr dá halbam An Clár Bog Déil, agus bronnadh an gradam don Nuíosach is Fearr ar Ushmush as Inis i gContae an Chláir.
Arís eile i mbliana fágadh an mholtóireacht faoi Fhéile Cheoil na Bliana faoin bpobal. Ba d’Fhéile na Gealaí i Ráth Chairn a thug formhór léitheoirí NÓS a gcuid vótaí i mbliana agus fógraíodh í ina Féile na Bliana ag deireadh bhronnadh na ngradam anocht.
Ba iad Ben Ó Faoláin (léirmheastóir ceoil NÓS), Ciarán Ó Meachair (BBC Gaeilge), Caomhán Ó hÓgáin (Raidió na Life), Edel Ní Churraoin (Raidió Fáilte), Sean Cathal Ó Coileáin (TG4) agus Seán T. Ó Meallaigh (Aisteoir – Stiúrthóir), na moltóirí.