Tuath, Gazers na Gaeilge

Tá líon na seánraí ceoil ina bhfuil na Gaeil i mbun cumadóireachta ag fás i gcónaí ach tá muid beagnach 100% cinnte nár cheol aon duine sa cheann áirithe seo go fóill… go dtí anois.

Fosheánra den rac ailtéarnach é shoegaze a bhfuil saobhadh fuaime, foinn láidre i bhfolach faoi ghiotáir agus liricí doiléire mar dhlúthchuid de.

Tuath is teideal de bhanna amháin atá ag saothrú sa ghort ar leith ceoil seo agus tá mionalbam díreach eisithe acu, ar fad i nGaeilge.

Roibeard Ó Maoil Chiaráin agus Ashley Mobasser na ceoltóirí sa ghrúpa atá lonnaithe i nGaillimh, cathair atá ag cruthú go leor nuacheoil inár dteanga féin i mbliana.

7 rian atá ar an EP An Taobh Tuath(ail) agus, ón ‘Ocras’ neartmhar le sacsafón agus aisfhuaimniú leithleach go ‘Uisce, Uisce, read all about it’ lena fhocail ábhartha pholaitiúla, níl aon amhras ach go bhfuil mealladh aduain sa cheoldreach atá cruthaithe ag an dís seo, ceoldreach nach raibh le cloisteáil inár dteanga féin go dtí seo.

Go deimhin tá an Ghaeilge lárnach i gcumadóireacht Tuath agus é de sprioc acu an teanga a chur i láthair pobail éisteachta níos leithne ná mar a bhí ag ceol Gaeilge roimhe seo.


Éist le An Taobh Tuath(ail):


Tús suimiúil, leath na hoibre, mar nár dúradh fadó, ach an féidir linn bheith ag súil le haon rud eile ó Tuath sa bhliain amach romhainn?

Bhuel deir Rob linn go bhfuil sé i gceist aige lipéad darb ainm ‘Gaelfónic’ a bhunú go luath, mar sin coinnigh súil ar an spás seo.

Idir an dá linn, is féidir forbairtí Tuath a leanúint ar Twitter anseo.

SCÉALTA EILE