Ní fhéadfadh pobal na hÉireann níos mó grá a léiriú do Ed Sheeran ná sa 50 nóiméad sin ar an mhí seo caite nuair a díoladh amach na ticéid ar fad do cheolchoirmeacha an maestro rua i bPáirc an Chrócaigh (seachas, b’fhéidir i ndiaidh an Late Late Toy Show anuraidh!).
Beidh na mílte ag tarraingt ar an pháirc mhór Dé hAoine agus Dé Sathairn 24 agus 25 Iúil i mbliana dá chéad ghigeanna riamh sa Cheannáras.
Ach má chaill tú féin do dheis a bheith ann, seans go mbeidh an físeán seo thuas ina chuidiú… cineál.
Tá beirt Éireannach ar YouTube i ndiaidh leagan Gaeilge den chnag ollmhór Thinking Out Loud a eisiúint, agus níl aon chaill air.
Agus brat na hÉireann ar an bhalla agus portráid de Father Ted i lár báire, tá leagan milis binn den uimhir a haon le Sheeran aistrithe ag Chris and Dave.
Cé gur cosúil gur seo an chéad amhrán Gaeilge atá taifeadta ag an bheirt as Maigh Eo go dtí seo, tá súil againn go mbeidh go leor rianta móra maithe eile uathu amach anseo.
Mar a tharlaíonn sé, seo an dara huair go bhfios dúinn gur cuireadh Gaeilge ar an amhrán áirithe seo de chuid Uí Shíoráin.
An togra Gaelphop a chuir an leagan eile fileata seo thíos amach ag deireadh na bliana seo caite.