Turas ceoil ar son daoine gan dídean á eagrú ag Iarnród Éireann

Tá oíche speisialta reáchtáilte ag Iarnród Éireann in Ardeaglais Theampall Chríost i mBaile Átha Cliath anocht. Coirm cheoil ar son daoine gan dídean i gcomhar le Focus Ireland é. Cuirfear fáilte roimh dhaoine oíche a chaitheamh le scoth na n-amhránaithe chun airgead a thiomsú a rachaidh i dtreo obair Focus Ireland.

I measc na gceoltóirí a sheinnfidh ag ‘An Turas Abhaile: Oíche Cheoil Tíre agus Thraidisiúnta’, beidh The Bonnymen, Aoife Ní Bhriain, Mick O’Brien, Liam O’Connor, agus Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta chomh maith le Ciara Ní É. 

Dar le heagraithe an imeachta, is ócáid dhátheangach í seo “a dhéanfaidh ceiliúradh ar chumhacht an cheoil chun feasacht a ardú agus tacaíocht a sholáthar dóibh siúd atá gan dídean in Éirinn.”

Grianghraf: Ciara Ní É ag an Slam Filíochta i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. (Creidmheas: Cultúlrann McAdam ó Fiaich)

Tá beagnach 14,500 duine in Éirinn ina gcónaí i gcóiríocht éigeandála, 2099 teaghlaigh agus 4,419 leanbh ina measc. Déanann Focus Ireland airgead a bhailiú a thacódh le tograí a throideann i gcoinne easpa dídine, agus tá an t-imeacht seo ar cheann de roinnt tionscadal tiomsaithe airgid atá ar siúl ag Iarnród Éireann mar chuid den chomhpháirtíocht le Focus Ireland le linn mhí na Nollag.

“Aontacht” agus “comhbhá” na téamaí is láidir ag an ócáid agus cuideoidh an t-airgead a thiomsófar leis an obair leanúnach a dhéanann Focus Ireland le seirbhísí riachtanacha sa tír.

Titfidh an ócáid amach ag 19:30-23:00 anocht in Ardeaglais Theampall Chríost. Is féidir ticéid a cheannach anseo.

SCÉALTA EILE