The Rough Guide To A World Of Psychedelia
Cad é seo, go díreach?
“To make this mundane world sublime,
Take half a gram of phanerothyme.”
Sin comhairle an fhealsúnaí Aldous Huxley faoi LSD i litir chuig an síciatraí Humphry Osmond sa bhliain 1956.
D’fhreagair Osmond:
“To fathom Hell or soar angelic, Just take a pinch of psychedelic.”
Scaip an scéal faoi LSD go tapa le linn na seascaidí agus bhíodh leithéidí Timothy Leary ag plé go gníomhach leis an gceist.
Síceolaí ab ea é a thuill clú lena mhana “turn on, tune in and drop out” ina sheanmóirí d’aos léinn agus d’aos ealaíne SAM.
Dhírigh a chaint ar luach an druga chun doirse na samhlaíochta a stróiceadh dá n-insí.
Faoi dheireadh na 60í, bhí tionchar LSD le clos go soiléir ar cheol na linne, The Beatles, The Doors, Jimi Hendrix, The Rolling Stones agus The Velvet Underground faoi chomaoin ag an druga mar fhórsa cruthaitheach.
Ach ní ar cheoltóirí an Iarthair amháin a chuaigh LSD i bhfeidhm. Bhí tionchar an druga le brath ar an zeitgeist ceoil freisin.
Tugann The Rough Guide To A World Of Psychedelia ar thuras sinn ón Chambóid go dtí an Nigéir agus ar aghaidh go dtí an tSile, ag tóraíocht scoth an cheoil shícideiligh ó gach cearn den chruinne ó aimsir na seascaidí ar aghaidh.
An bhfuil aon mhaith ann?
Is fiú an costas iontrála as ‘Dancing Drums’ le Ananda Shankar (“Hendrix shiotar na hIndia”) amháin – an dordlíne damanta funcaí, drumaí tábla, sintéiseoir loiscneach Moog agus portaireacht ar an bhfliúit a chuirfeadh ceol Ennio Morricone i scannáin le Sergio Leone i gcuimhne duit.
Léiríonn garage-rock sícideileach mire ‘Jam 10 Kei Theit’ le Ros Seresyothea go raibh ceoltóirí Ciméaracha na Cambóide ar comhchéim leis na grúpaí ón Iarthar a spreag chun ceoil iad.
Tá fuaim níos moille, níos machnamhaí i gceist le ceol Celestine Ukwu & His Philosophers as an Nigéir, ach i gcás highlife iontach sóúil ‘Obialu Be Onye Abiagbunia Okwukwe’ is fiú fanacht inti.
Tugann Juaneco Y Su Cumbia ceol cumbia ar sciúird idir-réaltrach (‘Perdido En El Espacio’), agus beartaíonn Bacalao Man Veiniséala ar instealladh sícideileach a thabhairt don fhuaim samba (‘Japones’).
Tá fáilte i gcónaí roimh sheoda ó Sir Victor Uwaifo (‘Guitar Boy’) agus ó laoch cheol Bollywood, R.D. Burman (‘Piya Tu Ab To Aaja’ i dteannta le Asha Bhosle).
Laigí?
Mar is gnách i gcás tiomsúchán Rough Guide, tá rian comhaimseartha nó dhó ann nach bhfuil ar comhchéim le ceol na seanré, ach ní leor iad chun an chóisir shícideileach seo a loit.
An breithiúnas?
Samplóir den scoth ar leathphraghas. Tá sé sin níos saoire ná trip LSD.