Bígí ar aire, cleas atá i gceist le teideal Forget.
An chéad uair ar éist an léirmheastóir seo leis, chaith sé a chuid ama ag iarraidh ciall a dhéanamh de na cuimhní ar fad a mhúscail ceol Twin Shadow ann.
Tháinig an t-albam gan aon phreasráiteas chun an ceol a bhí laistigh a chur i gcomhthéacs.
Tá na hochtóidí le clos ann – is amhráin snasta disco-funk pop na linne sin a bhfuil ann – ach cad faoi ghlór an amhránaí féin?
Glór saibhir údarásach, ach sobhriste. Glór mór as a áilleacht féin, ach neamhchinnte ag an am céanna; macallaí de Morrissey, Ian McCulloch Echo & The Bunnymen ann, agus Edwyn Collins i ré Orange Juice ach go háirithe.
An amhránaí nua é mar sin nó duine aitheanta i bhfolach faoi chosaint ainm cleite?
Togra aonair de chuid George Lewis Jr. Florida (ach athlonnaithe go Brooklyn) atá in Twin Shadow.
Is beag is féidir a chreidiúint go bhfuil Forget ina albam début, mar go bhfuil ceol Lewis chomh gar sin don bhfoirfeacht.
Tá aitheantas éigin tuillte ag Chris Taylor ón ngrúpa Grizzly Bear as an obair léiriúcháin atá déanta aige air (is ar lipéad Taylor, Terrible Recordings, atá an t-albam á eisiúint), ach léiríonn an tslí a bhfilleann na heilimintí éagsúla d’amhráin Twin Shadow isteach ina chéile go bhfuil an-chuid macnaimh déanta ag Lewis ar chonas a fhís cheoil a chur i gcrích.
Is amhráin díreacha iad faoi na gnáthrudaí a gcanann pop-amhránaithe fúthu – grá, grá agus grá – ach canann sé línte mar “there is no key to my gate, you can still come around, lean your ladder against my window, I’ll come down” ar nós fir a bhfuil fonn te comhluadair air in ionad áite i mbabhtaí ceannais X-Factor.
Albam iontach lán de thaibhsí indie-pop na n-ochtóidí.