Tá an dara halbam déag ó stiuidió U2 i ndiaidh tuirlingt.
No Line on the Horizon is ainm dó agus, más rud é gur maith leat stíl an ollghrúpa Éireannaigh seo: ábhair a n-amhrán, giotár agus sainéifeachtaí The Edge agus screadaíl buachalla bó Bono, taithneoidh an t-albam seo leat.
Is albam do lucht leanúna agus éisteachta dílis síoraí U2 é seo.
Rud suimiúil faoi ná go ndeireann Adam Clayton agus Larry Mullen Sóisear go bhfuil rudaí nua ar siúl ag an mbanna, teicníochtaí turgnamhacha, agus go bhfuileadar ag tabhairt aire don léiriúchán sa chaoi go mbeidh fuaimrian nua ag an albam.
Dar leis an Edge áfach, “I think it could be a bringing to bear of all those eureka moments from the past” agus é seo uilig scríofa ar shuíomh oifigiúl U2.
Cé go bhféadfá a rá go bhfuil an triúr ar aon tuairim faoin albam, tá i bhfad níos mó le haithint ó ráiteas The Edge. Ag éisteacht leis an albam dom, bhí sé díreach mar an gcéanna le gach rud a rinne U2 roimhe seo. Agus níl iontas ar bith orm go bhfuil an fhoireann stiúideo chéanna in úsáid acu arís, Brian Eno, Daniel Lanois agus Steve Lillywhite.
Caithfear aontú leis an méid atá ráite ag The Edge thuas, go háirithe má bhainimid an focal ‘eureka’ amach.
Cuireann dordán giotáir The Edge agus giotár doird Adam Clayton spioradáltacht an albaim Joshua Tree i gcuimhne dom in 66% d’amhráin an albaim. Anois agus arís briseann siad amach as seo, agus is dócha gurb iad siúd na hamráin is fearr ar an albam.
Tá rian an albaim All That You Can’t Leave Behind (2004) ar an gceathrú amhrán Unknown Caller mar shampla, an ‘ohohohhhh’ céanna sin ó Walk in úsáid ag Bono arís.
Is féidir tionchar an albaim chéanna a aithint freisin ar amhrán a bhfuil an-tóir air go hidirnáisiúnta faoi láthair, Magnificent. Bhí iontas orm nach faoi amhráin U2 a bhí Bono ag canadh ach, iontas na n-iontas, is faoin ghrá atá sé ag canadh agus is amhrán maith é!
Filleann U2 ar stíl a n-albaim Pop faoi dhó freisin. I ndiaidh tús a chuirfeadh Fucking In The Bushes le hOasis ón scannán Snatch i gcuimhne dúinn, imíonn siad ón stíl chrua seo, ach, léiríonn an banna go bhfuileadar in ann amhráin ghreannmhara a chuma, nó an é seo a bhí i gceist acu i ndáiríre?
Is i leith amhráin uimhir a 7, Stand Up Comedy, atá mé ag labhairt áit a gcloisimid na liricí “The right to appear ridiculous is something I hold dear”. N’fheadar cé faoina bhfuil Bono ag labhairt anseo?
Ach ní raibh amhras ar bith orm i ndiaidh dom líne eile ón amhrán céanna a thógáil san áireamh, “A small man with big ideas”, go raibh muid ag éisteacht le cur síos ar Bhono agus a chuid spéaclaí gréine!
Tá an traic seo, agus Get On Your Boots a thagann díreach roimhe, cosúil le siamsaíocht leath ama ar shlí, agus iad ag tabhairt sosa dúinn ón gcineál amhráin atá luaite agam.
Is cosúil gurb iad seo na “Eureka Moments” ón albam Pop. Ní thuigtear dúinn cén fáth ar fhill U2 ar an stíl seo go dtí go gcloisimis an chéad nóiméad de Breathe (amhrán uimhir a 10), é nua agus agus difriúl cosúil le rud éigin i bhfad níos dorcha, níos crua ná mar an fhuaim bhíonn le fáil in amhráin U2 de ghnáth.
Iontas ar bith orainn cloisint mar sin go raibh The Edge i ndiaidh tréimhse a chaitheamh ag déanamh scánnain le Jack White agus Jimmy Paige faoi ghiotáraithe le déanaí. Tá sé tiúnta le nóta éagsúla ón chuid eile den banna go bunúsach, cosúil le nós a bhí ag Led Zepellin agus The White Stripes go minic.
Tá tuairimí polaitiúla, tráthúla Bono le haithint san albam freisin agus – de bharr gur dlúthchuid iad dá phearsantacht agus, ar shlí, peasrsantacht U2, sa lá atá inniu ann – ba cheart aird agus aitheantas a thabhairt do na tuairimí seo mar ghné lárnach den saothar.
Canann Bono faoi thinte na hAifrice a fheiscint ón Spáinn, agus faoin Liobáin. Cedars of Lebanon is ainm don amhrán deireanach ina ligeann Bono air féin gur tuairisceoir cogaidh é atá ag déanamh cur síos ar an suíomh mórthimpeall air. Úsáideann sé focail cosúil le salachar, compléascachas, ciúnas agus uaigneas.
Más rud é nach raibh an íomha sin láidir go leor leanann Bono leis agus é ag canadh faoi uisce salach, galair, tancanna agus saighdiúirí.
Anuas air seo tá dearcadh Bono ar fhadhbanna na Liobáine soiléir ón teideal náisiúnach Cedars of Lebanon a dhéanann tagairt do bhrat na tíre.
Ag deireadh na dála, is albam measartha maith é seo. Tá sé taitneamhach, agus rachaidh sé i gcion ar dhaoine ar an dara, triú agus ceathrú éisteacht de. Léiríonn sé ábhar atá i mbéal an phobail faoi láthair chomh maith le píosaí ealaíne go rialta.
Is banna iad áfach a d’fhéadfadh amhráin i bhfad níos fearr a scríobh.
Cosúil le Peter Buck ó R.E.M. tá The Edge mar réalta chiúin an ghrúpa ag a bhfuil an tallann aige rud éigin iontach, dochreidte a dhéanamh más rud é go bhféadfadh sé an banna a stiúradh sa tslí chéanna inar stiúir leithéidí Jimmy Paige agus Jack White, Led Zepellin agus The White Stripes.