Más ag caint ar uaisle na dubchéime atáimid, ní féidir Benny Ill (Horsepower Productions) a shárú. Nuair a cheap DJ Hatcha, comhúinéir an tsiopa ceirníní Big Apple i Londain, an téarma “dubstep” siar in 2001, is ag iarraidh cur síos a bhí sé ar an gcomhnascadh dorcha d’fhuaim UK garage agus ceol dub-reigé a bhain le luatheisiúintí Horsepower Productions.
Ba in alt a d’fhoilsigh an iris cheoil XLR8R faoi Horsepower Productions an bhliain dár gcionn a cuireadh an téarma “dubstep” i gcló den chéad uair.
Is iomaí céim atá tugtha chun tosaigh sna healaíona mar gheall ar dhuine a bheith ag feidhmiú de réir a mhéine, ag déanamh neamhairde den chomhghnás.
Ba amhlaidh a bhí i gcás début Horsepower Productions, In Fine Style (2002).
Agus tú ag éisteacht le Crooks, Crime & Corruption, mheasfá go bhfuil Benny Ill tar éis an chluas bhodhar a thabhairt do gach rud atá tarlaithe don dordcheol sa tréimhse 15 bliana ó shin i leith.
Ar shlí, ní drochrud é. Is léir go bhfuil an aois dulta i bhfeidhm ar Benny Ill, mar cé go bhfuil buneilimintí ceol Horsepower Productions mar a bhí riamh – buillí briste, giotaí cainte sampláilte ó scannáin, dord domhain an dub-reigé – tá mórán de rianta Crooks, Crime & Corruption níos éadroime agus níos gile ná aon rud a bhí le clos ar an trí albam eisithe ag HP roimhe seo.
Tá poirt mar ‘Bak 2 NY’ agus ‘Kuriosity’ léirithe ag luas measartha réchúiseach house, agus tá sé beartaithe ag Ill glór súilíneach an tsleamhnú-ghiotáir, lapadaíl na dtonn agus giolcaireacht na n-éan a shní isteach in ‘Justify’ suaimhneach.
Cinntíonn píosaí mar ‘Boardwalk Emperor 2’ agus ‘Ruf Justice’ nach bhfuil nimh agus faobhar HP na sean-ré in easnamh ar fad ar Crooks, Crime & Corruption, ach níl an t-albam seo chomh riachtanach in aon chor le To The Rescue (2004).
Fós, le ceol loiscneach jungle (‘Criminally Insane’) agus filleadh ar stíl hip hop uirlise Depth Charge na 90aidí (‘Legends’), tá Crooks, Crime & Corruption go cinnte ar an albam is ilchineálaí go dtí seo ó lámha Ill.
Beidh Crooks, Crime & Corruption ar fáil sna siopaí ón Aoine, an 29ú Aibreán, ar aghaidh.