Dé hAoine seo seolfar an dara heisiúint le hamhránaí mór na hardchathrach Fiach Moriarty, The Revolution, bailiúchán d’amhráin nuachumtha a bhfuil spiorad na réabhlóide ina gcroílár.
Deich rian a taifeadadh ar lipéad Marcella Records é seo a dhíríonn ar éirithe amach i stair na hÉireann agus a tharraingíonn ar scéal na nÉireannach a raibh lámh acu i ngluaiseachtaí polaitiúla thar lear.
“Ar dtús bhí mé ag iarraidh ceirnín a chur amach faoi Éirí Amach na Cásca ach do leathnaigh sé sin amach chuig eachtraí eile i stair na hÉireann agus timpeall na cruinne,” arsa Fiach le NÓS.
Fear mór staire é an Muircheartach a bhíonn ag léamh faoi stair na tíre gan stad ach is in 2011, nuair a tháinig dlús leis an Earrach Arabach, a cuireadh síol an albaim seo.
“Tá lorg mo chúlra-sa ann chomh maith. Is cuid de chuimhní cinn m’óige é bheith ag dul chuig mórshiúlta i rith na n-ochtóidí le mo mhuintir. Bhí sé ionam i gcónaí,” ar seisean.
Is tráthúil go bhfuil albam den chineál seo á chur amach agus na hullmhúcháin faoi lán seoil do chomóradh Éirí Amach na Cásca 2016, cé nach sin a bhí i gceist ag Fiach ón gcéad lá.
“Bhí sé ar intinn agam an t-albam a bheith réidh dhá bhliain ó shin ach thóg sé an oiread sin ama orm é a dhéanamh, ar go leor cúiseanna éagsúla,” a mhínigh sé.
“Is maith go bhfuil ábhar an albaim i mbéal an phobail cheana féin.”
Aitheanta mar dhuine de na scríbhneoirí amhráin is fearr dá ghlúin, is fianaise air sin é an bailiúchán is déanaí seo.
Tá cúig bliana caite ó seoladh a chéad eisiúint So I, albam a chruthaigh cáil don Duibhlinneach tallannach.
Bhain Fiach clú breise amach i measc na nGael le hamhráin ar nós ‘Is Aoibhne’ agus ‘Sea Táim’ ar bhailiúchán Sheachtain na Gaeilge roimhe seo agus, cé nach bhfuil amhrán Gaeilge ar an albam is úire, dúirt sé go mbeadh spéis aige amhráin a scríobh i nGaeilge amach anseo arís.
Beidh The Revolution ar fáil sna siopaí agus le híoslódáil ar iTunes Dé hAoine beag seo.
Déanfar an t-albam a sheoladh Dé hAoine 24 Aibreán, 7.45 in, sa Button Factory, Baile Átha Cliath, le tacaíocht ó Daniel de Búrca.
Tuilleadh eolais faoi na gigeanna a bheas ag teacht chun cinn ar fiachmusic.com