Tá go leor déanta ag baill Weezer taobh amuigh de ghnó an ghrúpa óna n-albam deireanach Make Believe in 2005, san áireamh tá neart taobh-thionscadal, céim ó Harvard, bainis agus breith páistí.
Mar thoradh ar an sos gairme tá an t-ábhar an-úr agus difriúil ón stuif roimhe seo.
An difear is mó an iarracht seo ná go bhfuil go leor den ábhar ar an albam níos oiriúnaí do na cairteacha ná mar a bhí ábhar Weezer a riamh, agus cuid den ábhar sin scríofa ag an ngiotáraí Brian Bell agus ag an drumadóir Patrick Wilson.
Ní chuireann an t-athrú as an iomarca don albam mar tá seanstíl aitheanta Weezer fós i réim mar is féidir cloisteáil ar amhráin ar nós Troublemaker, The Greatest Man That Ever Lived agus Pork and Beans.
Ar Heart Songs, tugann Cuomo buíochas do na ceoltóirí a thug spreagadh dó: John Lennon, Bruce Springsteen, Iron Maiden agus mórán eile. Is sampla maith é Everybody Get Dangerous agus Dreamin’ den éabhlóid atá tar éis teacht ar Weezer chun ábhar cairteacha a chur ar fáil ach fós a choinníonn greim ar a seanfhuaim.
Amhráin lán-ghiotáir agus liricí cliste atá iontu a mbeidh tóir orthu ag a ngigeanna amach anseo. Ó Thought I Knew ar aghaidh tá athrú iomlán nach mór le cloisteáil ar a bhfuaim. Ní nach ionadh mar amhrán atá ann ar scríobhadh i dtosach do ghrúpa Bell, The Relationship agus tá Bell féin ina amhránaí air.
Ar Cold Dark World, cloistear an dord-ghiotáraí Scott Shriner ag canadh agus ag rapáil, agus ar Automatic a thugtar deis do Patrick Wilson a chuid a dhéanamh. Is leagan maith de The Weight de chuid The Band atá déanta acu anseo agus ar fiú éisteacht leis.
Ar an iomlán, is cosúla go mbeidh díomá ar fhíorleantóirí Weezer le Red Album de dheasca an imeacht i dtreo riachtanas na lipéad ceoil.