Wheatus le canadh i nGaeilge ar CEOL 2018

Beidh an t-amhrán cáiliúil ‘Teenage Dirtbag’ á chanadh i nGaeilge ag an mbanna ceoil mór le rá Wheatus ar an gcéad dhlúthdhiosca eile de chuid ó Chonradh na Gaeilge agus RTÉ 2FM. Casfaidh an craoltóir aitheanta Eoghan Mac Diarmada an leagan Gaeilge den amhrán ‘An Stócach Brocach’ tráthnóna ar a chlár The Eoghan McDermott Show ar RTÉ 2FM. 

Bhí Eoghan i Nua-Eabhrac le deireanas leis an amhrán a thaifeadadh le Wheatus sa stiúideo céanna inar taifeadadh an bunleagan Béarla den amhrán beagnach 20 bliain ó shin. Trí bliana déag ó shin eisíodh ‘Snag ’05’, albam ceol nua-aimseartha a raibh ceoltóirí aitheanta le cloisteáil air agus amhráin dá gcuid féin aistrithe go Gaeilge acu do Sheachtain na Gaeilge. ‘CEOL’ a thugtar ar na halbaim anois, agus is é Eoghan a bhíonn á gcur chun cinn.

Mí Mheán Fómhair seo caite a thosaigh an plé le Wheatus faoi leagan Gaeilge d’amhrán dá gcuid a thaifeadadh. D’fhógair Eoghan ar Twitter go raibh sé ar thóir ceoltóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta le hamhráin a thaifeadadh d’albam na bliana seo. 

Tugadh os cionn 200 freagra ar a ghiolc agus i measc na bhfreagraí sin moladh Wheatus. Chuir an té a mhol clib ar chuntas oifigiúil an bhanna agus d’fhreagair Wheatus féin. Bhí iontas ar fhear 2FM, agus d’iarr sé cead teachtaireacht phríobháideach a chur chuig Wheatus leis an togra Gaeilge a phlé, iarratas a cheadaigh an dream a bhain cáil amach leis an amhrán ‘Teenage Dirtbag’.

Dúirt Eoghan le NÓS an tseachtain seo caite gur éirigh go maith leis an gcomhrá príobháideach a bhí aige le príomhamhránaí an bhanna Brendan Brown, ar Gael-Mheiriceánach é, agus gur léirigh an ceoltóir spéis sa togra láithreach. 

“Ba as Ros Comáin a sheantuismitheoirí ach fuair siad bás nuair a bhí sé an-óg. Tá an-chuid gigeanna déanta ag Wheatus in Éirinn roimhe seo, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh agus bhí spéis aige láithreach amhrán Gaeilge a dhéanamh linn. Eisíodh 50,000 cóip den dlúthdhiosca anuraidh agus mar gheall ar Bhliain na Gaeilge tá an Conradh agus 2FM ag iarraidh 320,000 cóip a dháileadh i mbliana. De bharr sin bhíos ag iarraidh nó mó amhráin mhóra idirnáisiúnta a chur ar eagrán na bliana seo. 

“Theastaigh uaim ceann mór clasaiceach a thaifeadadh agus chuir mé an Tweet chuig Brendan. Dúirt sé ‘bheadh sé seo ar fheabhas’ agus thosaíomar ag obair air. Bhí sé ar intinn é a dhéanamh ar Skype ach d’iarr siad orainn teacht chuig an stiúideo agus chaith muid lá iomlán i Nua-Eabhrac á thaifeadadh,” a dúirt fear RTÉ 2FM le NÓS. 

Is é an teideal Gaeilge a tugadh ar ‘Teenage Dirtbag’ don dlúthdhiosca nua ‘Stócach Brocach’. Rinne Coláiste Lurgan in Indreabhán leagan Gaeilge den amhrán roinnt mhaith blianta ó shin faoin teideal ‘Déagóir Salach’. 

Tá físeán oifigiúil taifeadta ag Wheatus don leagan Gaeilge den amhrán freisin agus tá sé i gceist ag an gConradh é sin a eisiúint go luath chomh maith. Casdfar an t-amhrán den chéad uair ar chlár Eoghan Mhic Dhiarmada tráthnóna agus beidh sé le cloisteáil ar sheinnliosta RTÉ 2FM ina dhiaidh sin freisin. 

Eiseofar an dlúthdhiosca féin níos deireanaí i mbliana. 

SCÉALTA EILE