Níl sé i gceist ag an ngrúpa indie-raic Widowspeak Brooklyn an roth a athchumadh ach is léir nach mbeidís den tuairim go bhfuil aon dul thar fóir ag baint le rotha F1 a chur faoi shean-Ford Thunderbird na gcaogaidí, nó inneall a cheangailt le rothar high nelly.
Cleamhnas cros- síolrach atá sa ghrúpa – is suim le Molly Hamilton (amhránaí an bhanna a bhfuil an glór aoibheann is spadánta aici an taobh seo de Hope Sandoval Mazzy Star) ceol The Carter Family, popcheol na nóchaidí agus ceol ó scannáin David Lynch.
Agus Robert Earl Thomas, giotáraí Widowspeak, saleaba istoíche is ar cheol Buddy Holly na gcaogaidí, garage-rac The Sonics na seascaidí agus fuaimrianta spaghetti western Ennio Morricone a bhíonn sé ag smaointiú.
Ar chuma éigin éiríonn leo na foinsí ionsparáide úd a asamhlú mar ghearr-amhráin mhealltacha indie-racao bhfuil blas an nua, seachas blas na humhlóide, orthu.
Beireann Almanac ort díreach ón tús.
Tá an chéad traic ar an albam, ‘Perennials’, le glór milis Hamilton agus giotáir thaibhsiúla Thomas, ar nós ligean do chluasa imeacht le sruth tríd aerthormánta bánbhuí i bhfad ó thalamh.
Tá macallaí láidre de luath-cheol My Bloody Valentine (ach le Jimmy Page in ionad Kevin Shields mar phríomh-ghiotáraí) le clos i gcás ‘The Dark Ages’, amhrán le drumadóireacht bhreá snagach agus foinn a bheireann ort de ruathar.
Tá twang Chris Isaaks ag baint le pop-tíre snasta ‘Dyed In The Wool’ agus is traigi-válsa iontach i stíl Isobel Campbell agus Mark Lanegan é ‘Thick As Thieves’.
Fiú nuair a ghlacann Widowspeak treo níos trialaí (‘Devil Knows’ agus ‘Spirit Is Willing’) ní ligtear do na héifeachtaí giotáir an lámh in uachtar a fháil ar dhea- chumadóireacht – is beag amhrán anseo atá níos faide agus is fearr é Almanac dá bharr.