Faoin am seo amárach beidh albam úrnua rac Gaeilge seolta agus céim eile siúlta ar aistear an nuacheoil Ghaelaigh.
Ar chlár Rónán Beo ar 3in eiseoidh Rís a dtríú albam stiúideo, Yahú, a bhfuil súil mhór leis i measc an phobail tar éis dóibh cúpla blaiseadh a scaoileadh linn ó thús na bliana.
Ansin san oíche amárach sa Taibhdhearc i gCathair na Gaillimhe cuirfidh baill an ghrúpa – Breandán Ó hEaghra, Richie Ó hEadhra, PJ McDonagh agus Pat Ó Neill – ceolchoirm speisialta i láthair chun seoladh mór maith a dhéanamh ar an albam.
Tá na leaids ag obair go dícheallach ar Yahú le tamall agus, más aon tuar iad na hamhráin atá eisithe acu ar Youtube le roinnt seachtainí anuas, is seoid atá i ndán dúinn.
Is é ‘Tí Jude‘ an tríú amhrán ar an albam úr agus tharraing muid bhur n-aird cheana féin ar Puragdóir agus ar Aon Phingin Agam… bígí ag súil lena thuilleadh den rac neartmhar seo ar raidió agus ar ardán amárach!
Éist le Rónán Beo@3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 20 Márta. Tosaíonn an cheolchoirm sa Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh, ar 8in.