Burial – Antidawn (Hyperdub)
Filleann Burial ar bhlas tiubh tnúthánach agus iontach uaigneach a luathcheoil ar an mórshaothar seo de mhionalbam, ach má dheineann, tá an dlúthcheangal a bhí ag na luatheisiúintí sin leis an dordcheol, idir cheol dubchéime agus UK garage, briste aige.
Ceol comhthimpeallach gan bhuillí (ach amháin i gcás an riain ‘New Love’) atá romhat ar Antidawn. Colláisí fuaime a bhaineann feidhm as cleasa léiriúcháin a aithním ón albam Chill Out de chuid KLF, cé nach bhfuil an toradh cosúil in aon chor leis an saothar éalaitheach, spraíúil úd.
Cuireann an pailéad sonach atá in úsáid ag Burial ar Antidawn an banna This Mortal Coil i gcuimhne dom, chomh maith le ceol orgán-bhunaithe Spiritualized/Spacemen 3 agus saothair áirithe de chuid Sigur Rós. Mar sin féin, níl amhras ar bith ach gur ag éisteacht le Burial ata tú.
Jacob Gurevitsch – Yellow Spaceship (Music For Dreams)
In ainneoin gur eisigh na grúpaí indie Beach House agus Soundcarriers albaim bhreátha le gairid is é Yellow Spaceship de chuid an cheoltóra Dhanmhargaigh Jacob Gurevitsch an saothar giotár-bhunaithe is mó a mheall mo chluais le mí anuas.
Giotáraí tréitheach é Gurevitsch a dhíríonn ar stíl rómánsúil mhilis atá faoi chomaoin ag ceol bolero Chúba, fuaim flamenco na Spáinne agus amhráin chanson den saghas a bhíodh á chanadh ag leithéidí Jacques Brel na Fraince fadó. Is minic a thugtar ‘albam don gcóisir dinnéir’ go maslach ar shaothar, ach is moladh atá i gceist i gcás Yellow Spaceship. Anois, cá bhfuil mo gheansaí muiníl póló?
Ceoltóirí Éagsúla – Future Sounds of Jazz Vol. 15 (Compost)
An t-eagrán is déanaí sa tsraith bailiúchán a bhunaigh úinéir Cheirníní Compost na Gearmáine siar in 1995. Ní fuaimeanna snagcheoil na todhchaí a bhí riamh i gceist le bailiúcháin FSOJ, i ndáiríre, ach rogha Reinboth de cheol comhaimseartha (leictreonach, go háirithe) a bhfuil blas nó spiorad an tsnagcheoil ag baint leis.
21 rian, idir cheol Italo-house grianmhar (Don Carlos), Afra-dhioscó (Shina Williams), cheol leictreafhuaimiúil (All Is Well), snagcheol comhaimseartha (Marni), ceol domhanda house (Ruduolpho) agus búgaí (Ben Sturm) den chaighdeán is airde atá le clos anseo. Bí ag faire amach do leagan beo, bríomhar an Toshio Matsuura Group de mhór-rian teicneó Carl Craig, ‘At Les’, chomh maith le ceol blasta nár eisíodh cheana ó Ron Deacon, Aera agus Oliver Kieser.