Beidh beirt sárcheoltóirí de bhunadh chontae Lú ar ardán i mBéal Feirste Dé Sathairn seo agus tá deis ag léitheoirí NÓS dhá thicéad a bhuachan dá gceolchoirm chorraitheach!
Is fidléir den scoth í Zoë Conway a bhfuil a scil agus a cumas aitheanta go hidirnáisiúnta agus í tar éis seinm le cuid de na hainmneacha is mó i saol an cheoil, mar atá Damien Rice, Lou Reed, Nick Cave agus Rodrigo y Gabriella.
Is é a fear céile agus fear an ghiotáir, John Mc Intyre, a bheas in éineacht le Zoë sa Droichead ag an deireadh seachtaine nuair a chuirfidh siad rianta dá n-albam nua Go Mairir I Bhfad (Long Life To You) i láthair, mar aon le poirt eile.
Albam ar leith é seo inar coimisiúnaíodh 12 cumadóir clúiteach chun píosa speisialta a chumadh do Zoë agus John.
Is iad na cumadóirí a ghlac páirt sa tionscnamh iontach ná Liz Carroll, Máirtín O’Connor, Steve Cooney, Frankie Gavin, Andy Irvine, Charlie Lennon, Donal Lunny, Tommy Peoples, Peadar Ó Riada, Mícheál Ó Súilleabháin, Niall Vallely agus Bill Whelan… abairt liosta!
Tosaíonn an ghig ar 8in Dé Sathairn 26 Meán Fómhair agus tá £10 ar thicéid.
Breis eolais ar androichead.com
COMÓRTAS: Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil An Droichead – ionad Gaeilge agus cultúrtha Bhéal Feirste Theas – ag cur dhá thicéad ar fáil do Nósadóir ádhúil amháin – níl le déanamh agat ach ‘Is maith liom’ a thabhairt don scéal seo ar Facebook nó ‘réiltín’ a chur leis ar Twitter.
Ádh mór oraibh!