Zulu Winter – Language

Tá dosaen bliain ann ó thosnaigh baill Zulu Winter ag cumadh ceoil mar aonad.

Tar éis leath an ama sin bheadh gnáthbhanna indie-rac i ndiaidh cúpla albam a thaifeadadh, blianta maithe a n-óige a chur amú ar chamchúirteanna lena lucht leanúna ag dul i léig de réir a chéile agus scaradh de bharr naimhdis idirphearsanta nó easaontacht chruthaitheach.

I gcás Zulu Winter níl a gcéad albam ach díreach saolaithe, ach is sa mhéid sin amháin gur grúpa indie-rac as an ngnáth iad.

Dá dtabharfadh ainm andúchasach an ghrúpa le tuiscint duit go mbeadh blas éigin de phopcheol na hAfraice (á la Vampire Weekend ) ar cheol Zulu Winter, bheadh dul amú ort. Faraor, níl a leithéid sin d’iontais le haimsiú ar Language.

Thar aon cheann eile, an focal a spreagann ceol Zulu Winter ná lagmheasarthacht.

Lagmheasarthacht, sea, ach lagmheasarthacht chríochnúil an cheardaí oilte – an saigheas lagmheasarthachta a rinne daoine saibhre de Coldplay. Ní foláir a rá go bhfuil dealramh nach beag ag glór Will Daunt le Chris Martin – gan dabht le hamhráin tnúthánacha mar ‘Moment’s Drift’ ina seilbh níl aon chúis nach mbeidh na staidiamaí móra á líonadh ag Zulu Winter amach anseo.

Éiríonn leo freisin, i gcás singil mar ‘Let’s Move Back To Front’ agus ‘We Should be Swimming’, sciuird mhaith a thabhairt faoin bhfuaim aigeanta indie sin don urlár rince a bhíonn á cleachtadh ag bocanna mar Bloc Party.

Ach tá an rud ar fad chomh foirmleach, agus tá obair léiriúcháin Claudius Mittendorfer (Interpol, The Vaccines) chomh snasta, foirfe, gan samhlaíocht go bhfuil an baol ann go mbeadh an saothar seo ina mhasla d’aon ghrúpa, ó The Flaming Lips go Pale Saints go Ride, a rinne iarracht riamh ceol indie-rac a stiúradh i dtreo nua.

SCÉALTA EILE