Ceolchoirm AerachAiteachGaelach agus imeachtaí eile

Ceolchoirm AerachAiteachGaelach 

Aoine 12 Márta @19:00 

Tiocfaidh ceoltóirí aiteacha na Gaeilge le chéile le ceolchoirm a chur ar fáil ar líne anocht. Beidh Tadhg, Eillie O’Neill, Tadhg Ó Ciardha agus Lauren Ní Chasaide ag seinm dúinn le tús spleodrach a chur leis an deireadh seachtaine! 

Beidh an ceolchoirm á chraoladh ar chainéal YouTube AerachAiteachGaelach  

Biongó Mór Sheachtain na Gaeilge 

Aoine 12 Márta @19:00 

Cluiche beag uait agus deis duaiseanna a bhaint amach? Beidh an grúpa An Droichead as Béal Feirste ag eagrú cluiche biongó mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge.

Le clárú, seoil ríomhphost chuig fionnuala@androichead.com 

Beo Ar Éigean le hAilbhe Ní Ghearbhuigh 

@Cathalmacan Photography

Satharn 13 Márta @14:00 

Beidh Áine Ní Bhreisleáin, Siún Ní Dhuinn, agus Sinéad Ní Uallacháin ón bpodchraoladh Beo Ar Éigean i mbun ceardlainne leis an bhfile aitheanta Ailbhe Ní Ghearbhuigh mar chuid d’Fhéile Litríochta an Daingin amárach. Beidh siad ag cumadh sleachta agus á gcur i gcomparáid le chéile agus ag cabhrú lena chéile. 

Le breathnú ar an ócáid spéisiúil seo, is féidir réamhchlárú anseo

Ceolchoirm Sheachtain na Gaeilge

Róisín Seoighe

Satharn 13 Márta @19:30 

Beidh ceoltóirí na Gaeilge le feiceáil againn oíche Dé Satharn do cheolchoirm, eagraithe ag Áras na nGael, Gaillimh. I measc na gceoltóirí a bheidh ann ar an oíche, beidh IMLÉ, Róisín Seoighe, An Chéad Ghlúin Eile agus na damhsóirí Cairde. Is í Síomha Ní Ruairc a bheidh ina bean an tí

Craolfar an ceolchoirm ar chainéal YouTube Áras na nGael 

Ceardlann Manglam 

Satharn 13 Márta @20:00 

Beidh ceardlann manglam á reáchtáil ag Comhluadar Luimnigh amárach ina múinfear conas cúpla manglam a ullmhú sa bhaile. Tá oíche lán craice agus spraoi geallta ag muintir Luimnigh agus spásanna teoranta ann don ócáid seo. 

Le clárú, seoil ríomhphost chuig comhluadarluimnigh@gmail.com 

Siúlóid Staire 

Domhnach 14 Márta @12:00 

Más maith leat seanscéalta agus an stair áitiúil a fhoghlaim, seo deis duit le dul ar shiúlóid fhíorúil staire timpeall Nás na Ríogh. Ní gá an teach a fhágáil, suigh siar le cupán tae don cheacht staire seo! 

Beidh an siúlóid ar tarlú ar Facebook Shult na Sollán

Turas Fíorúil ar an taispeántas ‘Seamus Heaney: Listen Now Again’ 

Luan 15 Márta @13:00 

Tá an taispeántas ‘Seamus Heaney: Listen Now Again’ le feiceáil i bhFaiche an Choláiste i lár Bhaile Átha Cliath le cúpla bliain anuas. Beidh deis ann le siúl tríd go fíorúil le treoir as Gaeilge ar an mbealach. 

Is féidir clárú saor in aisce roimh ré ar Ticketsolve.

SCÉALTA EILE