Ceolchoirm an Gharraí Ghlais agus ceithre imeacht eile

Ceolchoirm An Gharraí Ghlais, Na Creagáin, Indreabháin, Dé Sathairn 22 Meán Fómhair @ 13.30

Tá ceolchoirm á eagrú ag lucht An Gharraí Ghlais, gnó a fhásanna agus a dhíolann glasraí i nGaeltacht Chois Fharraige. Ócáid lae atá i gceist leis seo, a bheidh ar siúl idir a leathuair tar éis a haon agus a cúig a chlog amárach, oiriúnach don gclann ar fad! I rith an ama sin, cloisfear ó Phádraic Keane, Andrea Palandri, Saileoig Ní Cheannabháin, Ailbhe Nic Dhonnacha, Conor Connolly, Liam McGonigle agus Liam O’Brien. Níl costas ar na ticéid, is comhartha buíochas é an choirm seo do chustaiméirí agus cairde an ghnó, agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an séasúr!

Séamus Begley agus Jim Murray, DeBarras, Cloch na Coillte, Corcaigh, Dé Domhnaigh 23 Meán Fómhair @ 20:00

Is breá an dlúthdhiosca é Ragairne, le Begley agus Murray, a bhfuil meascán deas d’amhráin agus ceol air. Beidh an bheirt, Séamus agus Jim, le feiscint i dteannta a chéile i mbun an cheoil Dé Domhnaigh beag seo i gCorcaigh. Is in ionad a bhfuil cáil an cheoil air, DeBarras, i gCloch na Coillte a bheidh siad. Bí ar an eolas chomh maith go mbíonn seisiún traidisiúnta ar siúl gach Luan san ionad céanna, agus seisiún acústach gach Máirt. Spreagtar aoicheoltóirí atá ag freastal ar na himeachtaí, páirt a ghlacadh más áil leo é!

Ranganna Damhsa ar an Sean-Nós, Club Áras na nGael, tosú ar an 25ú Meán Fómhair 

Ar mhaith leat cúpla steip a fhoghlaim ó dhuine a bhfuil fios a cheird aige? Bhuel is cinnte go dtuigeann Gearóid Ó Dubháin faoi rince ar an sean-nós agus beidh sé ag múineadh idir thosaitheoirí agus iad siúd atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid steipeanna. Gaillimh@cnag.ie an seoladh chun do theachtaireacht a sheoladh chucu le d’áit a chinntiú! 

Dráma, ‘Beannaithe’, Amharclann Smock Alley, 25-29 Meán Fómhair @ 20:00

Beidh dráma de chuid Biddy Jenkinson le feiscint an tseachtain seo chugainn in Amharclann Smock Alley. ‘Beannaithe’ an teideal atá air — dráma ina n-insítear scéal faoi bhean rialta atá ag plé le heagraíocht atá ag iarraidh bansagairt a bhrú chun cinn. Neostar dom gur dráma greannmhar atá ann, ainneoin gur ábhar tromchúiseach atá faoi chaibidil — stádas tánaisteach na mban i sochaí na hÉireann — go háirithe san Eaglais Chaitliceach. Táim ag súil lena fheiscint. Tá cliar láidir páirteach sa léiriú seo, Dairine Ní Dhonnchú, Áine Ní Mhuirí, Bríd Ní Ghruagáin, Cathal Quinn agus Cillian O’Dee. Beidh ceol ó Chór Duibhlinne le clos le linn an dráma. Is léiriú é seo de chuid Guthanna Binne Síoraí, atá stiúrtha ag Colm Ó Foghlú agus léirithe ag Tristan Rosenstock. 

 

Ger Wolfe, Nelliefreds, An Daingean, Dé Luain 24 Meán Fómhair @ 20:00

Beidh an Corcaíoch Ger Wolfe i gCiarraí ag tús na seachtaine seo chugainn! Is i dtábhairne Nelliefreds a bheidh sé… nár dheas a bheith ann!  Tá ticéid le fáil cheana féin ar Eventbrite.

SCÉALTA EILE