Ceolchoirm Aoife Scott agus imeachtaí eile

Teach Cártaí, ócáid de chuid Borradh, ar líne; Déardaoin 24 Meán Fómhair @ 13:00

Tá toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe ag teannadh linn! Is breá lem’ chroí éisteacht le Niall Ó Muilleoir, a bhíonn i mbun anailíse ar an gceist seo agus ar cheisteanna eile na tíre sin trí chéile, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, go minic.

Is Stiúrthóir Sinsearach Bainistíochta le Teneo é Niall agus beidh sé ag trácht ar thábhacht an toghcháin i Meiriceá ar eacnamaíocht na hÉireann ag ócáid atá eagraithe ag Borradh. Is líonra gnó ar líne é Borradh, a bhunaigh Dáithí de Buitléir ag tús na bliana seo agus ainneoin na paindéime, tá siad tar éis go leor imeachtaí a eagrú ó shin. Is féidir leat éisteacht le caint Niall Déardaoin seo chugainn, óna 13.00. Níl aon chostas ar na ticéid. Borradh.ie do na sonraí ar fad.

Ceardlann scéalaíochta le Bríd Anna Ní Bhaoill agus Seanán Mac Aoidh // Dé Sathairn 19:00, ar líne

An maith leat a bheith ag insint scéalta? An dtaitníonn sé leat a bheith i mbun bothántaíochta? Ar mhaith leat snas a chur ar do chuid scileanna inste scéil? Dá dheis agat an deireadh seachtaine seo foghlaim ó bheirt a bhfuil fios a chúram go maith acu, sin iad Bríd Anna Ní Bhaoill agus Seanán Mac Aoidh.

Tá ceardlann scéalaíochta trí uair a chloig beartaithe acu a reáchtálfar i nGaeilge. Is féidir le tuairim is 25 duine freastal ar an gceacht ar líne seo. Díreofar ar scéalta móra an traidisiúin, cur chuige, stíl agus idirghníomhaíocht le rannpháirtithe. €35 an táille agus is féidir áirithint a dhéanamh ach gliogáil ar an nasc seo

Coirm ar líne le hAoife Scott, Ionad Ealaíne Balor, Bealach Féith, Dé Domhnaigh 20 Meán Fómhair @ 20:00

Bail ar Aoife Scott, tá sí ag treabhadh léi le coirmeacha rialta i ré seo an víris. Beidh sí i mBealach Féich Dé Domhnaigh lena banna ceoil. Is féidir leatsa féachaint uirthi ó do sheomra suí, más áil leat. Tá an choirm le bheith craolta ní hamháin ar a leathanach Facebook (grúpa príobháideach), ach ar a cainéal YouTube agus ar a suíomh chomh maith! Is gá duit áfach ticéad a cheannach, gan orthu ach €10.

Lá Mara 2020, Ócáid de chuid Údarás na Gaeltachta, Déardaoin 24 Meán Fómhair óna 12.00

JP McMahon ag cur taispeántas cócaireachta ar siúl ag an Lá Mara i gCill Chiaráin

Tá cuma iontach ar an seimineár ar líne atá eagraithe ag Údarás na Gaeltachta chun Lá na Mara 2020 a cheiliúradh. Is ar an Déardaoin beag seo a bheidh sraith chainteanna ar bun óna 12.00-16.30, ar líne, dár ndóigh.

Pléifear earnáil na mara, bia mara, gníomhaíocht aeráide, agus conas aire a thabhairt do phobail, oileáin agus cóstaí i measc ábhar eile, le réimse leathan cainteoirí. Cláraigh, le bheith ag cúléisteacht, nó chun páirt a ghlacadh go fíorúil, le do chuid ceisteanna!

SCÉALTA EILE