Beidh na ceoltóirí aitheanta Gaelacha Mairéad Ní Mhaoinigh, Gráinne Holland an tí seo, agus Ciara McCrickard ag seinm le chéile ag Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill 2020. Inniu a cuireadh tús leis an bhféile, atá á reáchtáil ag Glór Uachtar Tíre, cumann Gaeilge as Caisleán Uidhilín i gContae an Dúin.
Tá 14 imeacht ar chlár na féile, agus chuile cheann acu ar fáil saor in aisce ar líne don phobal ach amháin an tsiúlóid a bheidh ar siúl i gContae an Dúin Dé Domhnaigh.
Beidh iníon Shéamuis Uí Néill féin, Eithne Ní Néill, agus tabhairt cainte uaithi faoi leabhar a athar Tonn Tuile. Foilsíodh Tonn Tuile in 1947 agus pléitear deacrachtaí pósta le linn na hÉigeandála in Éirinn sna 1940idí.
I measc na gceardlann a bheidh ar siúl mar chuid den fhéile beidh: ceardlann scríbhneoireachta le Ian McMillan; dianchúrsa Gaeilge; ceardlann ‘péinteáil ar chlocha’; agus ceardlann ealaíne le huiscedhathanna.
Beidh cainteanna ann ó faoi éanlaith na hÉireann, faoi shaol agus saothar Phádraig Uí Loingsigh, agus faoin nGaelscolaíocht ó thuaidh.
Chomh maith leis sin, beidh an t-údar Seán Ó Muireagáin faoi agallamh ag Frainc Mac Cionnaith anocht ag 20.00 agus é ag caint faoina shaothair féin agus faoi shaothair eile a chuaigh i bhfeidhm air mar scríbhneoir.
Tá clár iomlán na féile ar fáil anseo.