Ceoltóirí uile Fhéile na Gealaí fógartha

Tá na ceoltóirí uile a bheidh ag casadh ag Féile na Gealaí i Ráth Chairn an mhí seo chugainn fógartha ag lucht eagraithe na féile. 

Is iad Niteworks, an banna iomráiteach Albanach a chuir na Gaeil ag damhsa go mall san oíche i nGaeltacht na Mí anuraidh, atá ar bharr an liosta i mbliana, i measc go leor eile ó gach cearn den tír seo. 

Agus camchuairt náisiúnta críochnaithe acu níos luaithe i mbliana, agus clár mór féilte amach rompu sa samhradh, cuirfidh buachaillí Kneecap tús lena shamhradh i Ráth Chairn in éineacht le leithéidí Oisín Mac agus Vigilanti. 

Beidh Róisín Seoighe, ceoltóir óg as Conamara a bhfuil aithne mhaith uirthi as an bpáirt a ghlac sí sa léiriú Aisling? chomh maith leis na gradaim atá buaite aici dá hamhráin nuachumtha, ar an ardán an mhí seo chugainn. 

Ní bheidh Gaeltacht Thír Chonaill ná Gaeltacht na Mumhan gan a dtoscairí ach an oiread agus Emma Ní Fhíoruisce agus Méabh Ní Bheaglaoich ar chlár na bliana seo.

Ar na ceoltóirí eile a bheidh i láthair beidh Scannal, Clann Mhic Ruairí, agus Bréag. 

Beidh Féile na Gealaí ar siúl i Ráth Chairn idir 14-16 Meitheamh agus beidh idir cheol beo agus imeachtaí eile, ar nós ióga agus ranganna damhsa boilg, ann ar feadh an deireadh seachtaine. 

SCÉALTA EILE