Tá dea-scéala eile faighte ag an bhfile óg, Ciara Ní É, an mhí seo agus í ceaptha anois ina hambasadóir ag Áras Scríbhneoirí na hÉIreann i mBaile Átha Cliath. Fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh Ciara, a bhíonn ag scríobh do NÓS, le bheith ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Beidh Ciara ag obair le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann, agus le hambasadóirí eile ar nós Eilís Ní Dhuibhne, Anne Enright, Mike McCormack, John Banville, Marian Keyes agus Joseph O’Connor le “aidhmeanna agus mianta” an Árais a chur chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear.
Dúirt Ciara ar a blag go bhfuil “ríméad” uirthi a bheidh ina hambasadóir leis an Áras, agus go bhfuil an-chion aici ar an áit ó tharla gur ann a reáchtáladh an chéad oíche REIC beagnach cúig bliana ó shin.
“Déanann Áras Scríbhneoirí na hÉireann an-obair ar son na litríochta in Éirinn, tugann siad an-tacaíocht do scríbhneoirí agus tá pobal deas cruthaithe acu. Tá an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn ina phátrún air, agus tá stádas ag baint leis sin.
“Is ceird uaigneach é an scríbhneoireacht, agus bíonn sé iontach go bhfuil eagraíocht ann a thuigeann cad atá ar siúl agam, agus a thugann deis duit bualadh le daoine eile atá ag dul don rud céanna. Bhí cóisir na Nollag ann an tseachtain seo caite agus bhí go leor daoine spéisiúla i láthair ann,” a dúirt Ciara le NÓS.
Tá sí ag obair leis an Áras le tuairim agus cúig bliana agus deir sí go bhfuil an-tacaíocht faighte aici ón eagraíocht agus go bhfuil sí ag súil le bheith ag obair as lámha a chéile leo amach anseo.
Beidh an chéad chnuasach filíochta ó lámh Chiara Ní É ag teacht amach go luath. Dúirt sí le NÓS gur próiseas sách fadálach a bheidh ann agus cé go bhfuil sí ag súil go mbeidh fáil ar an gcnuasach an bhliain seo chugainn nach bhféadfaí aon gheallúint a thabhairt faoi sin.
“Braitheann sé, ach ba bhreá liom dá dtiocfadh sé amach [in 2020]. Is meascán de dhánta a scríobh mé cheana agus ábhar nua atá ann. Tá rudaí nua scríofa agam, agus beidh orm iad a chur i gcló, ach níl mé iomlán cinnte cén cruth a bheidh ar an leabhar ar deireadh.
“Tá togra nua idir lámha agam faoi láthair chomh maith, is dráma atá ann. Seans go bhfuil scéal amach romhainn, tá scéal ag dul timpeall i m’intinn, ach ba mhaith liom díriú ar an drámaíocht an bhliain seo chugainn,” a dúirt sí.
Dúirt Ciara go bhfuil sí ag súil le “deasc rialta” a bheith aici in Ollscoil Chathair Bhaile Átha CLiath agus an deis a bheith aici am agus “spás intinne” a chur ar leataobh dá cuid scríbhneoireachta. Chaith siad formhór na bliana seo ag taisteal agus ag freastal ar imeachtaí éagsúla ealaíon ach tá súil aici a bheith ábhairín níos socra an bhliain seo chugainn.
“Thaitin sé liom a bheith ag taisteal, bhí mé ag obair ceoltóirí, aisteoirí agus filí eile agus bíonn siadsan ag bogadh go minic. Beidh píosa beag taistil le déanamh agam an bhliain seo chugainn, chun na Breataine Bige le bheith ag obair le file thall ansin. Taitníonn sé liom a bheith ag taisteal agus ag bualadh le haisteoirí agus ceoltóirí, ach b’fhéidir go ndearna mé an iomarca de i mbliana. Beidh sé go deas an deasc rialta a bheith agam in DCU!” a dúirt sí.