Ciara Ní É ceaptha ina scríbhneoir cónaithe in DCU

Tá scríbhneoir de chuid NÓS, an file aitheanta Ciara Ní É, ceaptha in scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Fógraíodh inniu go mbeidh Ciara, atá aitheanta as a cuid filíochta, ag teacht i gcomharbacht ar Réaltán Ní Leannáin, a bhí sa ról i mbliana. Tá a céad chnuasach filíochta á réiteach ag Ciara i láthair na huaire agus foilseofar go luath é.

Bhain Ciara céim amach sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus máistreacht i gcúrsaí cumarsáide i gColáiste na hOllscoile. Tá cáil uirthi i mBaile Átha Cliath agus níos faide i gcéin as an oíche mic oscailte REIC a bhunaigh sí tamall de bhlianta ó shin, agus a dánta nua-aimseartha. Tá cainéal gníomhach YouTube aici freisin, ar a labhraíonn sí go minic faoin nGaeilge agus ceisteanna a bhaineann le pobal na Gaeilge. 

D’eisigh sí sraith físdánta i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann anuraidh, agus craoladh a dán ‘Phenomenal Woman’ i bPáirc an Chrócaigh le linn Chluiche Ceannais na hÉireann le deireanas, nuair a bhí na mílte duine i láthair. 

Anuas air sin, tá rudaí scríofa aici do NÓS agus do Chomhar, agus ábhar eile soláthraithe aici do RTÉ, BBC, TG4 agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann. 

Beidh Ciara ina scríbhneoir cónaithe in DCU ar feadh na bliana seo chugainn agus beidh ceardlanna á reáchtáil aici faoin scríbhneoireacht Ghaeilge agus ábhar eile. 

SCÉALTA EILE