Ciorcal comhrá saor in aisce i measc na n-uiscedhathanna

Beidh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ag reáchtáil Ciorcal Comhrá ar líne mar cheiliúradh ar shaothar uiscedatha an ealaíontóra J. M. W. Turner (William Turner nuair a mhair sé). Uiscedhathadóir a rugadh i Londain in 1775 ab ea.

Tá saothar ealaíne Turner ar taispeáint sa Ghailearaí Náisiúnta le fada an lá ach chun 250 bliain ó rugadh an t-ealaíontóir a cheiliúradh, tá taispeántas speisialta eagraithe in éineacht le chéile ag Gailearaithe Náisiúnta na hAlban agus Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Caomhán Mac Con Iomaire agus Aoife Marie Buckley a dhéanfaidh an ciorcal comhrá ar Zoom a stiúradh. Tabharfaidh sé deis do dhaoine a bhfuil Gaeilge agus suim san ealaín acu foghlaim faoi shaothar Turner le taispeántas spéisiúil ó Albain ar fad as Gaeilge.

Tá Grant Thornton, comhpháirtí de chuid Turner Exhibitions, ag tacú leis an taispeántas ar ‘Turner’s Watercolours: Scotland’s Vaughan Bequest’ is ainm dó.

Tá an ciorcal comhrá le titim amach ar an 23 Eanáir idir 13:00-14:00 ar Zoom. Níl costas ar na ticéid ach molann an Gailearaí áit a chur in áirithe.

SCÉALTA EILE