Claíocha Cloch agus Dath Oráiste ar an Léicean

Tá an claí cloch gan stroighin curtha ar liosta na hoidhreachta cultúrtha doláimhsithe ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA). Beidh sé i measc na rudaí Éireannacha eile; píb uilleann, camógaíocht, iománaíocht, cruitireacht, agus seabhcóireacht. 

Ní théann an liosta le haon leas airgid, nó duais fhisiciúil ach tá sé mar aidhm ag EOECNA an oidhreacht chultúir dholáimhsithe ar fud an domhain a chosaint, a chaomhnú, agus aird a thabhairt acu. 

Ní chuireann aon rud ar mo shuaimhneas mé níos mó ná na hamanna a théim thar an tSionainn agus bím clúdaithe le claíocha cloch, chomh fada is a fheicim timpeall an radhairc. 

Is minic a rith mé aníos, anuas, thar, agus feadh na gclaíocha. Bhain m’óige ar fad le staid reatha ár gclaíocha. Dá mbrisfeadh bó ar seachrán an fál, thiocfadh scaoll orainn agus bheimis in ann gach uirlis a chaitheamh uainn agus an claí a chur in ard a réime arís. Sin lom na fírinne. 

Mhothaigh mé é i mo chnámha nuair a shroich mé mo bhaile ón scoil agus insíodh an scéal dom gur ghá claí a cheartú. Mo bhuíochas, tógadh na claíocha uilig sular tháinig mé ar an saol. Mise liostáilte chun cúram a dhéanamh de, mar a luíonn sé sínte amach ar bhun na spéire agus é ag lúbadh thuas agus thíos na cnoic agus na gleannta. 

Baineann fíor-stádas sóisialta le do chlaíocha féin. D’fhéadfá breithiúnas a dhéanamh ar ainm maith duine sa pharóiste mura raibh ardchaighdeán ar a gclaíocha. An dtiteann siad go minic? Cé chomh hard atá siad? Cé chomh mór atá na bearnaí eatarthu? An dtig leat an solas a fheiceáil tríothu? Cé chomh fada ó d’atógáil siad a gclaíocha? 

Is minic atáim i mo shuí ag breathnú le barr measa ar ár gclaí mór ar thosach an bhóthair. Dhá chloch ar leithead, 5-7 dtroithe ar airde. Ina sheasamh go daingean ar feadh níos mó ná 200 bliain, gan braon moirtéil. 

Is iomaí ócáid a tháinig is a d’fhág roimhe. Tosaíonn sé dhá throigh faoi leibhéal an bhóthair agus seasann sé thar a bharr freisin. Tá rian na staire air le gach sraith tarmac. Is é an cóta sláintiúil léicin an t-ábhar bróid is mó do chlaí maith. Fágann an tsiombóis planda-fungais brat oráiste-bán breachta ar an gcloch agus is léir do chách nár leagadh an claí síos le blianta. 

Thosaigh Patrick Kavanagh a óige an dóigh chéanna, caoi a choinneáil ar na claíocha cloch agus ar na fálta sceiche faoin tuath. D’úsáid sé iad chun anam na litríochta clasaicí a chur i bhfolach idir na scoilteanna. Bhí an inspioráid idir a dhá láimh aige nuair a bhí sé ag bárcadh allais agus é ag dul do na druileanna. 

Lá amháin, bhíomar ag tiomáint trí Chontae Aontroma, ag éalú ón saol uirbeach. D’fhiafraigh cara liom díom: ‘Dá ndruidfeá agus dá n-osclófá do shúile arís, an gcreidfeá gur Maigh Eo a bheadh ann?’

‘Ní chreidfinn,’ a d’fhreagair mé go giorraisc le muinín chiúin. A Dhia, níl claí cloch ar bith le feiceáil! 

Uair eile le cara eile a bhíodh ag díol innealra feirme ar an idirlíon. Tharraing sé aird idirnáisiúnta mar gheall ar a nideog thalmhaíoch. Fuair sé ceist amháin ó Phoncán agus an-fhonn ceannaigh air ach bhí ceist amháin aige a chuir ana-mhearbhall air. Cén fáth sa diabhal gur chuireamar carn mór cloch le chéile ar chúl an innealra?! 

Tá sé éasca gan an claí cloch a thabhairt faoi deara mar déanann sé a chuid oibre go ciúin sa chúlra. Má dhéanann sé sárobair, ní dhéanfaidh tú aon aird de go deo. Is mór na rúin atá aige má bhíonn an t-am agat iad a fhiosrú. Tá sé cosúil le cluiche Tetris tríthoiseach nuair atá tú ag iarraidh na clocha a chasadh agus a thiontú i d’intinn. Níl aon fhuaim níos binne ná an plab ollmhór agus an chloch dheireanach ag neadú isteach. 

Faoi dheireadh, tá na claíocha cloch ag saothrú an chlú agus na cáille atá tuillte aige. Is é seo an t-am is fearr an caitheamh aimsire a thoiseact sula dtagann slua na nósanna gearrthréimhseacha. 

Beidh mé ag súil le páirc siamsaíocht a cheiliúrann na claíocha cloch a fheiceáil. Bheadh Poncáin in ann a gclaíocha cloch féin a thógáil ar €5 an chloch. Táim ag súil le Barry Keoghan a fheiceáil maisithe le culaith claí cloch agus papier-mâché ag na Oscars. Ar aon chor, seasfaidh na claíocha cloch an fód go deo.

SCÉALTA EILE