Clann Uí Chonchubhair ag Siamsaíocht @ 6
Buailigí isteach má tá sibh san ardchathair

Siamsaíocht @ 6, O’ Flaherty’s Bar, Barra an Teampaill, BÁC / Dé Máirt 24ú Márta @ 18:00


Eagrófar an dara hoíche sa tsraith cheoil Siamsaíocht @ 6, inniu sa tigh tábhairne O’ Flaherty’s Bar, san Old Storehouse, i mBarra an Teampaill.

Bhíos i láthair don ócáid dheireanach a eagraíodh anseo, mí ó shin.

Bhí atmaisféar álainn ann, ceol breá agus comhluadar taitneamhach.

Is mar sin a bheidh ócáid an lae inniu, ó thaobh an cheoil de ar aon nós, cinnte!

Is clann cheolmhar chlúiteach ó Bhaile Átha Cliath iad muintir Uí Chonchubhair a bheidh mar aoínna, ag soláthair an cheoil agus na siamsaíochta.

Is ar an bhfidil a bhíonn Liam O’Connor ag seinnt, agus Aoife, a dheirfiúr, ar an gconsairtín.

Ina dteannta chomh maith beidh John Blake, fliúiteadóir agus giotáraí.

Má tá sibh san Ardchathair agus ag críochnú na hoibre gan mhoill, buailigí isteach!