Scoth an nuacheoil Ghaeilge, trad ar mire, drámaí sci-fi, filí réiciúla, greann ilghnéitheach, ábhar machnaimh agus daoine dáracha.
Beidh sé sin ar fad, agus tuilleadh, le fáil ag Puball Gaeilge Electric Picnic na bliana seo agus clár iomlán an Phubaill eisithe inniu.
Is ar láthair Mindfield na féile a bheas an Puball lonnaithe, mar is gnáth, agus tá clár lom lán curtha le chéile ag Rossa Ó Snodaigh agus a chairde arís i mbliana.
Na Gaeil is greannmhaire ar chlár na cruinne, GaelGÁIRÍ, a chuirfidh tús le himeachtaí an Phubaill ar 5in Dé hAoine 2 Meán Fómhair agus leanfaidh sraith mhór siamsaíochta – ón cheoldráma ‘Bréalú’ go gig Spats Columbo – ar aghaidh ina dhiaidh.
Suimiúil go leor, ag deireadh gach oíche le linn na féile beidh am machnaimh ann sula leanann an ragairne mar go mbeidh ‘Paidir roimh Spraoi na nOí’ ar siúl le machnóirí ar leith.
Ag meán lae Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh beidh cainteanna Imbolc ar siúl ina gcuirfidh aoichainteoirí – Ailbhe Jagodic, Paul ‘Rua’ Gleeson, Dairena Ní Chinnéide agus Ed Hick ina measc – in iúl don slua gur féidir leis an Ghaeilge aon ábhar faoin spéir a phlé… mar is eol go maith do léitheoirí na hirise seo!
Bunaithe ar bhlianta roimhe, is cinnte go mbeidh craic iontach ag Karaoke na n80í ag 2in ar an Satharn mar aon le scoth na filíochta agus na bhfocal ag Reic le Séamus Barra Ó Súilleabháin, Carrie Harding agus Ciara Ní É.
Fillfidh GaelGÁIRÍ ag 5in sula gcuireann Rí na Réabhlóide Rónán Mac Aodha Bhuí Cabaret eile den chéad scoth ar siúl ina mbeidh na ceoltóirí Eve Belle, Muireann Nic Amhlaoibh, For Foresters agus go leor eile ar ardán.
I measc na mbuaicphointí ar an Domhnach tá an dráma ‘Éire: Conas teach slán’, sean-nós sexyáilte le Sibéal Davitt, ‘Stair Wars’ le Fíbín, seisiún rapála agus ansin, ag deireadh na hoíche, beidh siamsa mór NÓS ar siúl le Dysania, IMLÉ, Seo Linn, Rís agus Synead Toomey.
Tá gach cuma ar an scéal mar sin go mbeidh an-deireadh seachtaine ag na Gaeil a bhfuil an t-ádh orthu ticéad bheith acu don Phicnic Leitreach a bheas ar siúl sa Sráidbhaile, Contae Laoise, 2-4 Meán Fómhair.
Mar aon leis an Phuball Gaeilge beidh timpeall 1,000 ceoltóir agus banna eile ag seinm ar an iliomad ardán thar na trí lá.
Is féidir clár iomlán Phuball Gaeilge 2016 a léamh anseo.