Clár Traidphicnic an Spidéil 2018 fógartha

Tá clár Traidphicnic 2018 fógartha ag lucht a heagraithe agus réimse leathan gigeanna, ceardlanna agus imeachtaí beartaithe don fhéile cheoil traidisiúnta a bheidh ar siúl den seachtú bliain sa Spidéal i gCois Fharraige ag tús na míosa seo chugainn. 

Is é an banna ceoil cáiliúil Dé Danann a bheidh ar an ardán tráthnóna Dé Sathairn an 7 Iúil agus go leor ceoltóirí aitheanta eile le bheith ag casadh i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Cuirfear tús oifigiúil leis an bhféile i gCeardlann an Spidéil ag 2.30 ar an 6 Iúil agus ‘seisiún tionóil’ ar siúl ar an ardán.

Beidh gigeanna ann chuile lá Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, agus leithéidí Michíl Uí Chonghaile, Cogar, The McCarthy Family, Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha, Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta, ALFI, Ceoltóirí Chois Fharraige agus go leor leor eile ann i gcaitheamh na féile. 

Anuas ar na taispeántais agus coirmeacha ceoil a bheidh ar siúl, beidh ceardlanna á dtabhairt ag ceoltóirí agus damhsóirí aitheanta Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. Beidh costas €20 ar cheardlann do dhaoine fásta agus €15 ar cheardlann do dhuine óg, agus ceardlanna ar fáil don damhsa ar an sean-nós, an bosca ceoil, an fhidil, an consairtín, an fheadóg stáin agus an bodhrán. 

Beidh taispeántais ealaíne á léiriú i gcaitheamh an deireadh seachtaine freisin, agus na healaíontóirí Tim Kelly, Aoife Casby, Lelia Ní Chathmhaoil, Andrea Rossi, agus Nuala Ní Fhlathúin i mbun a gceirde ann. Beidh taispeántas ealaíne chomh maith ó Róisín Ní Fhlatharta, ‘Sáile’, i Leabharlann an Spidéil a fhad is a bheidh na himeachtaí eile ar bun sa gCeardlann. 

Tá liosta fada imeachtaí eile ar an gclár freisin, faoin teideal ‘Craic Eile @ Traidphicnic’ agus rogha ceardlann ar fáil do lucht a freastail. Beidh idir amhránaíocht, photaireacht, scéalaíocht, chaoladóireacht, dhrumadóireacht agus sheodóireacht ann Dé hAoine. Beidh deis ann foghlaim faoi scileanna sorcais, uirlisí ceoil a dhéanamh, t-léinte a dhearadh, agus faoin bportaireacht béil Dé Sathairn, agus tuilleadh ceardlanna agus cainteanna fós ann Dé Domhnaigh. 

Tá clár iomlán na féile ar fáil ar leathanaigh meán sóisialta Traidphicnic an Spidéil. 

SCÉALTA EILE