Beidh club nua Gaeilge ar siúl den chéad uair anocht in Whelan’s i mBaile Átha Cliath agus súil ag lucht a heagraithe slua mór a mhealladh chuige.
Is é Rossa Ó Snodaigh a bheidh ina fhear an tí ar “Chlub Puball G” sa Parlour Bar in Whelan’s ar Shráid Loch Garman san ardchathair ó 19.00 anocht, agus ceoltóirí ar nós Pheadair Uí Ghoill, Aindrias de Staic agus Sisterix le bheith ar an ardán ó 20.00 ar aghaidh.
Beidh scríbhneoir de chuid NÓS, Aideen McQueen, i mbun seó grinn anocht freisin agus an ceoltóir Gaelach Aoife Kelly agus a cairde ar an ardán tar éis 21.00. Beidh DJ Whelan’s ann ag deireadh na hoíche le na Gaeil a choinneáil ag damhsa tríd an oíche.
Is togra de chuid an Phubaill Gaeilge é Club Puball G, an eagraíocht a reáchtálann imeachtaí Gaeilge ag féilte ar nós Electric Picnic agus an Comórtas Treabhdóireachta.
Is láthair réasúnta nua é The Parlour in Whelan’s, seomra ar chruth seanpharlúis i dteach mór Seoirseach i mBaile Átha Cliath ar féidir suas le 140 duine a chur isteach ann.
Beidh costas €5 ar an doras anocht agus cead isteach go Dioscó Ciúin Whelan’s i ndiaidh Chlub Puball G.