Cois Tine le Fionn Mac Cumhaill

Tá croílár an gheimhridh linn agus leath dhorcha na bliana i réim. Is doiligh mórán a dhéanamh agus dorchadas na hoíche tite sula bpilleann an chuid is mó dínn ón obair, fiú. Seans nach ndéanann an dorchadas mórán de dhifear dúinn, ámh, má shuíonn muid os comhair an ríomhaire nó an teilifíseáin.

Bhí caitheamh aimsire eile ag na Gaeil na blianta ó shin, dar ndóigh – an scéalaíocht! Agus an dúlaíocht linn, agus í le fanacht tamall, is seans é seo dúinn ár ngoradh a dhéanamh cois tine agus cúpla scéal a aithris mar a dhéanadh ár sinsir.

Tá dúil mhór agam féin san Fhiannaíocht ach níor chaith na laochra seo, fiú, mórán ama taobh amuigh i rith an gheimhridh. “Bhímis ar coinmheadh sna tithe ó Shamhain go Bealtaine, agus amuigh fá na sléibhte ó Bhealtaine go Samhain,” a dúirt Caoilte le Naomh Pádraig.

Chuala muid uilig iomrá ar na Fianna, is cinnte, ach tá seans ann nach dtuigtear dúinn cé chomh coitianta is a bhí agus atá na scéalta fúthu. Tá thart fá 3,500 scéal ar Bhunachar Bhéaloideas na Féinne  agus tuilleadh scéalta á gcur air i gcónaí.

Tá scéalta i gceithre theanga ann – Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, Gaeilge Mhanann, agus Béarla – agus iad bailithe ar dhá thaobh an Atlantaigh. Bailíodh na scéalta is faide ar shiúl in Seattle sna Stáit Aontaithe. Tá léarscáil idirghníomhach acu agus is féidir do cheantar féin a chuardach. Cad chuige, agus muid istigh don gheimhreadh, nach dtugann muid orainn féin scéal amháin áitiúil a fhoghlaim go mbeidh muid in ann cuid d’oidhreacht na tíre seo a chaomhnú? Is beag áit in Éirinn nach bhfuil scéal faoi Fhionn nó a shaighdiúirí lonnaithe inti agus beidh gach aon duine in ann scéal ar aithrisíodh é measartha cóngarach dá áit dhúcháis a aimsiú.

Mar shampla, agus mé ag scríobh an ailt seo, roghnaigh mé Béal Feirste, dhírigh mé isteach ar an cheantar sin, agus dhírigh mé isteach arís ar Bhaile na hInse i gContae an Dúin. D’aimsigh mé gur aithris fear darbh ainm Nicholas Hanna scéal Fiannaíochta. Ag fiosrú liom, dhírigh mé ar shonraí an scéil seo (tá uimhir aitheantais ag achan scéal sa bhunachar agus tú in ann achan sonra a bhaineann leis a fháil) agus chonaic mé gur aithris sé leagan den scéal Loscadh na Teamhrach (scéal ina maraíonn Fionn fathach uafásach a chuireann ceantar na Teamhrach trí thine achan bhliain) ar an 6 Feabhra 1938. Níos mó ná sin, is féidir liom a fheiceáil go bhfuil an scéal seo caomhnaithe ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus gur aithrisíodh é (i mBéarla) mar chuid de Bhailiúchán na Scol. Tchím uimhir an imleabhair agus na leathanaigh agus is féidir liom sin a leanstan ar duchas.ie. Tchím anois os mo chomhair an scéal mar ar scríobh John Hanna, a bhí ar scoil ar an Daingean i gContae na Mí, síos é. Tosaíonn agus críochnaíonn John Hanna an scéal le nóta go bhfuair sé an scéal óna uncail; “From Nicholas Hanna, Ballynahinch, Co. Down. : Age 44 yrs” a scríobhann sé ag an tús.

Tá cuid mhór scéalta eile má dhírím mo chuardach ar mo cheantar dúchais féin i nDún na nGall agus is aoibhinn saibhreas cultúrtha, saibhreas teanga, agus saibhreas na gcuimhní. Agus mé á léamh, is páiste óg arís mé ag éisteacht le m’athair ag reic scéalta faoi Fhionn ag troid le fathach a tháinig anseo ó Albain agus go leor eile.

Mar sin de, cad chuige nach ndéanann tú do chuardach féin ar fionnfolklore.org? Is féidir iad a leanstan ar na meáin shóisialta ach ‘Fionn Folklore’ a chur isteach in Twitter, Facebook, nó Instagram agus an méid atá aimsithe agat a roinnt leis an tsaol. Sin nó is féidir an t-ábhar a chuirtear suas agus a phléitear go rialta a léamh, a fhoghlaim, a aithris, agus é a scaipeadh leis an chéad duine eile.

SCÉALTA EILE