100 bliain cothrom an lae inniu, 11 Meitheamh, 1916, bhain 1,775 Éireannach campa Frongoch sa Bhreatain Bheag amach.
Ní go dtí le gairid a tugadh aitheantas do thábhacht champa Frongroch i stair na hÉireann.
Ba i gcampa Frongoch, nó ‘Coláiste na Réabhlóide’ mar ab fhearr aithne air, a d’fhás síol na saoirse a cuireadh aimsir na Cásca, 1916.
Tháinig Mícheál Ó Coileáin, agus é ina fhear óg 26 bliain d’aois, chun cinn mar cheannródaí i ngluaiseacht na saoirse i gcampa Frongoch.
Bhí príosúnaithe eile i ngéibheann ann, daoine a chuaigh ar aghaidh sa tsaol le tionchar mór a imirt ar chúrsaí staire na tíre.
Toghadh 30 Teachta Dála as na fir a bhí in Frongoch.
Bhí dara hUachtarán na hÉireann, Seán T. O’Kelly, i measc phlúr na réabhlóidithe a chaith seal ann.
Seandrioglann (distillery) a bhí i gcampa Frongoch.
Seanfhoirgneamh fuar, tais a bhí ann agus é breac le francaigh, de réir tuairiscí.
Bhí príosúnaithe cogaidh na Gearmáine i ngéibheann sa champa chéanna suas go dtí 1916 ach tar éis Éirí Amach na Cásca, beartaíodh réabhlóidithe as Éirinn a chur ann mar gheall ar ollphlódú na bpríosún in Éirinn agus i Sasana.
Seachas a bheith scaipthe, mar sin, bhí príosúnaithe na réabhlóide in aon láthair amháin agus níorbh fhada ann iad gur thapaigh siad an deis bonn ceart a chur faoin ghluaiseacht mhíleata.
Faoin am a dúnadh Frongoch, mí na Nollag 1916, bhí gréasán de réabhlóidithe ar fud na tíre á n-ullmhú féin do Chogadh na Saoirse a mhair ó 1919 go 1921.
Anois ar shuíomh an champa tá Ysgol Bro Tryweryn, scoil shóisearach Bhreatnaise.
Tá, agus bhí, Frongoch láidir ó thaobh na Breatnaise de.
Deirtear go ndearna príosúnaithe áirithe, ina measc Mícheál Ó Coileáin, iarracht Breatnais a fhoghlaim agus iad in Frongoch.
Tá leacht cuimhneacháin ann i nGaeilge, i mBreatnais agus i mBéarla.
Más spéis leat cuairt a thabhairt ar Frongoch agus foghlaim faoin stair a bhaineann leis an tréimhse úd, tá tuilleadh eolais anseo.